Fiontar Pobail

Is í aidhm na scéime ná cabhrú le Coistí nó le hEagrais Forbartha Pobail sa Ghaeltacht tabhairt faoi fhiontair pobail.

Tá an scéim ar fáil do na Coistí agus do na hEagrais Forbartha Pobail sa Ghaeltacht atá cláraithe le hÚdarás na Gaeltachta agus atá ag feidhmiú ar bhunús daonlathach agus gur eagrais iad atá ionadaíoch den phobal áitiúil ar a bhfuil siad ag freastal air agus atá ag feidhmiú de réir phlean oibre atá aontaithe le hOifig Réigiúnach an Údaráis.