Gnó

Is féidir le hÚdarás na Gaeltachta raon dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnólachtaí agus do chuideachtaí incháilithe i réimse earnálacha chun gnó a thosú, a fhorbairt, a leathnú nó a lonnú i gceantar Gaeltachta. Tá na céadta gnó bunaithe ag comhlachtaí sa Ghaeltacht le cabhair ó Údarás na Gaeltachta.

Má tá tú tar éis do ghnólacht a thosú go rathúil, ag smaoineamh ar do ghnólacht a leathnú go réimsí eile, ar tháirge nua a fhorbairt, nó ar éagsúlú i dtreo nua, b’fhéidir go bhfuil Údarás na Gaeltachta in ann tacú leat.