Criostal na Rinne

Is ceardlann stiúideo criostail gearrtha de láimh atá i Criostal na Rinne atá lonnaithe sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge.

Is máistir den cheird gearrthóir gloine é Eamonn Terry, a bhfuil os cionn 45 bliain de thaithí aige. Thosaigh Eamonn amach ag obair do Waterford Crystal sula ndeachaigh sé i mbun a ghnó féin Criostal na Rinne sa mbliain 1987 ag déanamh criostal álainn d’ardchaighdeán.

Tugann Eamonn turais agus taispeántais saor in aisce do daoine aonair agus do ghrúpaí, ag taispeáint teicnící an mháistircheardaí agus ag déanamh cur síos ar stair na háite ó thaobh ag déanamh criostail de a théann siar na céadta bliain.

Image of Eamonn Terry, master craftsman of Criostal na Rinne

Cén chaoi ar chabhraigh an tÚdarás?

Le tacaíocht agus maoiniú ó Údarás na Gaeltachta, is féidir le Criostal na Rinne táirge d’ardchaighdeán a chruthú agus aitheantas domhanda a bhaint amach. Bronnadh babhla criostail a dhear agus a chruthaigh Criostal na Rinne ar Uachtarán Mheiriceá ar Lá Fhéile Pádraig in 2017.

Tuilleadh eolais

Image of Criostal na Rinne Decanter
Image of Eamonn Terry, a master craftsman at work
Image of Eamonn Terry
Illustration of details on a Criostal Na Rinne Decanter