Branda Ghaeltacht na hÉireann

Réigiún cruthaitheach bríomhar í an Ghaeltacht ó thaobh teanga, stair, cultúr, daoine agus tírdhreach de.  Tá branda faoi leith forbartha ag Údarás na Gaeltachta le húsáid chun iontais an réigiúin seo a chur chun cinn.

Léiríonn luachanna an bhranda tréithe an réigiúin shainiúil seo; Dúchas, Gaeilge, Bród, Ardchaighdeán, Pobal agus Cultúr.

Beidh an branda mar acmhainn chun an Ghaeltacht agus gach gné de shaol na Gaeltachta a chur chun cinn ar mhaithe le buanú phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Tá an branda ar fáil do gach uile dhuine le húsáid – ár gcuid cliant, comhlachtaí eile Gaeltachta, eagraíochtaí pobail, an earnáil turasóireachta, na healaíona agus earnálacha eile.  Is féidir le haon duine atá lonnaithe sa Ghaeltacht an branda a úsáid ar chomharthaí, ar ábhar margaíochta ar líne agus clóite, ar tháirgí agus pacáistiú, ar éide sa láthair oibre, ar na meáin shóisialta agus i mbun cumarsáide le custaiméirí agus leis an bpobal.  Tá do rannpháirtíocht ag teastáil chun rath an bhranda seo a bhaint amach.

Gaeltacht na hÉireann branda

Tá ról ag chuile ghné don lógó sa scéal atá le n-insint:

Tarraingíodh an chlófhoireann don fhocal ‘Gaeltacht’ le láimh, agus mar sin is clófhoireann uathúil atá inti, ach an oiread leis an réigiún atá i gceist. Is clófhoireann nua-aoiseach atá ann chomh maith, ag teacht leis an nGaeltacht in Éirinn an lae inniu.

Is clófhoireann níos traidisiúnta a úsáidtear do na focail ‘na hÉireann’, rud a chuireann ár gcultúr i gcuimhne dúinn.

Seasann na trí chiorcal don trí ghné den bhranda seo – fiontraíocht, pobal agus teanga & cultúr.

Treoirlínte an Bhranda

Is é Údarás na Gaeltachta a d’fhorbair an branda ‘Gaeltacht na hÉireann’ agus tá úinéireacht acu air. Deimhnítear ceart Údarás na Gaetlachta a bheith aitheanta mar thionscnóir an lógó seo de réir an Achta um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara, 2000.

Má sháraítear na téarmaí agus na coinníollacha seo, is féidir cearta maidir le húsáid an lógó seo a aistharraingt. D’fhéadfadh go n-athródh na téarmaí, coinníollacha nó treoirlínte ag aon am. Déan tagairt le do thoil don leagan is deireanaí de na treoirlínte atá le fáil ag thíos.

Tá treoirlínte, téarmaí agus coinníollacha úsáide an bhranda ar fáil ar Treoirlínte Branda Gaeltacht na hÉireann PDF

Ábhair le nÍoslódáil

Táthar ag súil go mbainfear úsáid as an lógó ar tháirgí, seirbhísí agus ábhair bolscaireachta agus go mbeidh sé ar fáil do chomhlachtaí/eagraíochtaí atá lonnaithe sa nGaeltacht le húsáid ar a gcumarsáide bhrandáilte freisin. Beidh cead ag comhlachtaí/eagraíochtaí an lógó a úsáid ar ábhar margaíochta, ar na meáin ar líne agus na meáin chlóite, ar fhógraíocht, ar fhoirgnimh, ar phacáistíocht, ar tháirgí agus ar chultacha de réir mar atá leagtha síos i dtreoirlínte an bhranda atá le fáil thuas.

Tuilleadh Eolais

Is féidir leaganacha difriúla saincheaptha den lógó a fháil ar iarratas speisialta, déan teagmháil le eolas@udaras.ie nó 091 503100 le haghaidh tuilleadh eolais nó le aon fhiosrúcháin faoin mbranda.