Corcaigh

An Laoi
An Laoi

Tá Contae Chorcaí, an contae is mó in Éirinn, lonnaithe in iardheisceart na tíre. Tá an chuid is mó de Ghaeltacht Chorcaí lonnaithe i gceantar Múscraí atá lonnaithe ó thuaidh de chathair Chorcaí. Tá Gaeltacht Oiléan Chléire lonnaithe amach ó chósta iarthar Chorcaí.

 

Turasóireacht

Contae fairsing agus ilghnéitheach is ea Contae Chorcaí. Ó chathair bríomhar Chorcaí go bailte margaidh cosúil le Cloich na Coillte go leithinis cúlráideach Bhéarra go bailte cois cósta mar Eochaill, tá gach saghas ceantar sa chontae seo agus gach saghas gníomhaíochta ar fáil iontu. Tá dhá cheantar ar leith i nGaeltacht Chorcaí – ceantar Mhúscraí agus Oileán Chléire. Tá ceantar Mhúscraí buailte le Contae Chiarraí in iarthar an chontae agus tá cáil ar an gceantar seo go háirithe mar gheall ar stair shaibhir na háite. Tá go leor láithreacha turasóireachta le cuairt a thabhairt orthu thart ar cheantar Bhaile Bhúirne agus i Maigh Chromtha, atá díreach in aice leis an nGaeltacht. Tá cúrsaí cultúrtha láidir sa cheantar seo chomh maith, go háirithe cúrsaí amhránaíochta. Tá Oileán Chléire suite amach ó chósta thiar theas an chontae agus tá níos lú ná 200 duine ina gcónaí air. Fágann sé seo gur áit shíochánta agus álainn í agus tá an-tóir ar an oileán de bharr seo agus de bharr na siúlóidí agus na ngníomhaíochtaí eachtraíochta eile atá ar fail air.

Fiontraíocht & Pobal

Tá bonn láidir geilleagrach ag Corcaigh le hinfheistíocht mhór dhíreach in earnálacha dinimiciúla ar nós teicneolaíocht faisnéise, cumarsáid agus cógaisíocht. Tá áiseanna suntasacha gnó i nGaeltacht Mhúscraí idir spásanna déantúsaíochta agus spásanna níos lú, agus tá cathair Chorcaí agus a chuid áiseanna agus seirbhísí níos lú ná uair a chloig ón gceantar chomh maith. Téann an príomhbhóthar ó Chorcaigh go Cill Áirne agus Trá Lí trí cheantar Mhúscraí agus ciallaíonn seo go bhfuil rochtain an-mhaith ar an gceantar ó áiteanna eile agus a mhalairt. Tá infheistíocht leanúnach déanta ag an Údarás sa cheantar seo agus mar thoradh ar an obair seo, tá sé i gceist lárionad forbartha réigiúnaigh a fhorbairt ar láthair Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne. Beidh tacaíochtaí gnó, teicneolaíochta, fiontraíochta agus oiliúna ar fáil ar an láthair seo nuair a bheidh sé críochnaithe agus is léiriú é an tionscnamh seo ar na deiseanna atá ar fáil i nGaeltachtaí na hÉireann. Tá forbairt á déanamh ar chúrsaí gnó ar Oileán Chléire chomh maith agus tá sé beartaithe gteic a oscailt ar an oileán.

Tá daonra chontae Chorcaí ag fás go leanúnach agus tá gach ní ar fáil do mhuintir na háite. Tá go leor de Ghaeltacht Chorcaí faoin tuath, agus tá Oileán Chléire scoite amach ar ndóigh, ach tá gach áis nua-aimseartha ar fáil sa cheantar chomh maith mar aon le rochtain ar an dara chathair is mó sa tír.

Firicí

  • Tá daonra de 581,231 (Daonáireamh 2022) i gContae Chorcaí.
  • Tá daonra de 3,932 i nGaeltacht Chorcaí, agus is ionann seo agus 4% de dhaonra iomlán na Gaeltachta
  • Is iad na ceantair is mó lonnaíochta i nGaeltacht Chorcaí ná Baile Mhic Íre/Baile Bhuirne agus Béal Átha an Ghaorthaidh
  • Tá achar de 262 km2 i gceantar Ghaeltachta Chorcaí. Is ionann seo agus 6% den cheantar Gaeltachta iomlán
  • In 2019, bhí 699 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Mhuscraí.

Córais Iompair

Ceanglaíonn gréasán bóithre chathair Chorcaí le cathracha eile agus le pointí rochtain mhóra eile. I measc bóithre an cheantair tá:

  • An N71 aneas ó chathair Chorcaí (Oileán Chléire)
  • An N22 chuig an Iarthar – an príomhbhóthar ó Chorcaí go Cill Áirne (Muscraí).

Seirbhísí Aeir

  • Aerfort Chorcaí
    Láimhsíonn Aerfort Chorcaí eitiltí inmheánacha agus Eorpacha mar aon le seirbhísí idirnáisiúnta
    corkairport.com
  • Aerfort Chiarraí
    Láimhsíonn Aerfort Chiarraí líon eitiltí go Baile Átha Cliath agus áiteanna eile san Eoraip.
    kerryairport.ie
  • Aerfort na Sionnaine
    Cuirtear eitiltí trasatlantacha agus chun na hEorpa ar fáil as Aerfort na Sionna.
    shannonairport.com

Seirbhísí Bus, Iarnróid agus Farantóireachta

Tá seirbhísí bus rialta ag feidhmiú  i gceantar Mhúscraí agus seirbhís traenach náisiúnta sa chontae chomh maith. Tá seirbhís farantóireachta laethúil ó Oileán Chléire go dtí an mórthír agus a mhalairt.

www.buseireann.ie

Seirbhísí Leighis sa réigiún

  • Ospidéal Bon Secours
  • Ospidéal Ollscoile an Mercy
  • Ospidéal Ollscoile Victoria
  • Ospidéal Ollscoil Chorcaí

Oideachas Tríú Leibhéal sa cheantar

 

Áiseanna Caithimh Aimsire

Tá gach ní a bheadh á lorg ó thaobh caitheamh aimsire ar tairiscint i gContae Chorcaí idir ghalf, eachaíocht, shiúlóidí, iascaireacht slaite, iascaireacht, spórt uisce, na healaíona, cheardaíocht agus rothaíocht. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig:

https://purecork.ie/
www.discoverireland.com

Cliantchomhlachtaí de chuid Údaras na Gaeltachta i gcontae Chorcaigh