Tá ról ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an chláir LEADER i nGaeltacht Dhún na nGall agus Mhúscraí.
Tá Údarás na Gaeltachta ar cheann de cheithre comhpháirtí faoi Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) Dhún na nGall agus Mhúscraí atá freagrach ar son an Grúpa Forbartha Áitiúil (LAG) as fheidhmiú Chlár LEADER sna Gaeltachtaí sin. Tá riaradh agus feidhmiú an Chláir i nGaeltacht Dhún na nGall (seachas ar na hoileáin Ghaeltachta atá faoi chúram Chomhar na nOileán) agus i nGaeltacht Mhúscraí faoi chúram Údarás na Gaeltachta.
Téama 1 – Forbairt Eacnamaíochta, Forbairt Fiontair & Cruthú Fostaíochta
Tá Téama 1 ag díriú ar an dúshlán a bhaineann le forbairt pobail leanúnach agus éagsúlú an gheilleagair tuaithe a thiomáint le deiseanna fostaíochta a chruthú don phobal áitiúil, iad siúd a bhaineann le grúpaí faoi mhíbhuntáiste san áireamh.
Téama 2 – Cuimsiú Sóisialta
D’fheadfadh na réigiúin/hionaid a leanas a bheith san áireamh don infheistíocht tosaíochta:
Téama 3 – Comhshaoil Tuaithe
Tá Téama 3 dírithe ar leas a bhaint as acmhainneacht na timpeallachta mar dheis le cur le forbairt inmharthana pobail tuaithe. Díreofar ar:
Tá Clár LEADER oscailte do ghrúpaí deonacha, do dhaoine aonair, tionscnaimh phríobháideacha agus pobail, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá an Clár dírithe ar thionscadail arb é a n-aidhm caighdeán maireachtála agus deiseanna eacnamaíochta a chur chun cinn ar mhaithe le leas bhunadh nó phobal Ghaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí faoi chreatlach an Straitéise Forbartha Áitiúla atá faofa.
Ní gá go mbeadh príomhaí ina chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí le leas a bhaint as tacaíocht LEADER fhad is atá an tionscadal bunaithe / lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí . I gcás go bhfuil an tionscadal bunaithe / lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht is féidir iarratas a phlé le ceann de na Comhpháiritithe eile atá ag plé le LEADER sa chontae (le Comhar na nOileán i gcás oileáin Ghaeltachta Dhún na nGall).
Tionscnaimh incháilithe d’infheistíocht LEADER:
Nótáil, le do thoil, nach féidir maoiniú LEADER a cheadú d’aon tionscadal nó aon chuid de thionscadal ar bhonn siarghabhálach.
Mar threoirphrionsabail, déanfar gach tionscadal a mheas faoin chritéir a leanas:
Is ionann scairteanna leanúnacha agus scairteanna oscailte bunaithe ar “gach duine ar a sheal féin”. Caithfidh na LAGs scairteanna teoranta / dírithe do Léirithe Suime a fheidhmiú faoi Chlár seo, áfach. Tá an Roinn ag súil go mbeidh ar a laghad 40% de na scairteanna déanta ar bhonn teoranta agus go spréifí na scairteanna teoranta / dírithe seo ar théamaí uilig an Chláir.
Is í an aidhm atá le Scairteanna Teoranta / Dírithe do Léirithe Suime ná go ndíreofaí maoiniú LEADER ar na tograí / earnálacha is mó go bhfaighfí luach astu, go gceadófaí an t-airgead bunaithe ar mheastóireacht chomparáideach, go dtabharfaí cothromaíocht do gach ábhar iarratasóra agus go mbeidh maoiniú ar fáil le linn thréimhse an Chláir.
Leanfaidh Scairteanna Teoranta / Dírithe i nGaeltacht Dhún na nGall/Mhúscraí éiteas “Ón Bhun Aníos” LEADER. Scaipfear eolas faoi na Scairteanna go forleathan, ag cruinnithe eolais, sna meáin áitiúla agus trí theagmháil dhíreach le príomhaithe.
Léiriú Spéise
Caithfear Foirm um Léiriú Suime (LS) a chomhlíonadh sula ndéantar aon iarratas ar mhaoiniú faoi chlár LEADER. Is le haghaidh incháiltheacht do thionscadal a mheas atá an fhoirm seo – ní hionann an fhoirm agus iarratas foirmiúil ar mhaoiniú. Má tá Léiriú Spéise incháilithe i bprionsabal, tabharfar cuireadh d’iarratasóir (in am trátha) iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú Chlár LEADER. Clárófár gach Léiriú Suime ar chóras náisiúnta IT LEADER agus cuirfear admháil amach chuig gach iarratasóir.
Iarratais
Má tá togra a bhfuil suim léirithe ina thaobh incháilithe, eiseofar Foirm Iarratais agus Treoir Pacáiste leis na téarmaí agus coinníollacha atá leagtha amach. I measc na gcoinníollacha sin déanfar tagairt do chead pleanála, foinsí maoinithe, Deimhniú Imréitigh Cánach, próiseas tairisceana, clúdach árachais agus ceanglais reachtúla. Chomh luath agus atá iarratas iomlán faighte isteach cuirfear admháil amach ina thaobh agus cuirfear ar aghaidh é don chéad “Scrúdú faoi Airteagal 48”.
Measúnú agus Cinneadh
Cuirfidh Oifigeach Tionscnaimh de chuid an Údaráis an togra faoi bhráid Choiste Meastóireachta Neamhspleách a dhéanfaidh moladh ar an togra ó thaobh méid agus ráta deontais don LAG. Déanfaidh an LAG cinneadh críochnúil ar na hiarratais atá molta ag an Choiste Meastóireachta Neamhspleách.
Conradh
Nuair atá iarratas ceadaithe ag an LAG, cuirfear ar aghaidh don dara “Scrúdú faoi Airteagal 48” é. Chomh luath agus atá an scrúdú iomlán déanta agus aon saincheisteanna pléite (agus i gcás nach dtagann aon deacracht chun tosaigh) eiseofar Litir Thairisceana agus Conradh chuig an Iarratasóir. Tosóidh an tréimhse incháilitheachta nuair a ghlactar leis an tairiscint. Déanfaidh an tOifigeach Tionscnaimh monatóireacht ar an dul chun cinn maidir leis an tionscadail agus tabharfar faoi chuairteanna ar an láthair / suíomh de réir mar is gá.
Íocaíocht
Is féidir éileamh ar íocaíocht a dhéanamh nuair atá an tionscadail nó céim den tionscadail déanta / curtha i gcrích, gach caiteachas ábhartha déanta agus gach coinníoll ábhartha comhlíonta. Beidh an tOifigeach Tionscnaimh ag obair leis an tionscnóir le gach gné den tionscnamh / gach páipéarachas ábhartha a sheiceáil roimhe agus leis an éileamh ar íocaíocht a chur ar aghaidh. Rachaidh an tionscadal faoin “Seiceáil faoi Airteagal 48” deireanach ag an staid seo agus (i gcás nach dtagann aon deacracht chun tosaigh) de réir an cheantair Gaeltachta ina bhfuil an togra lonnaithe eiseoidh Comhairle Contae Dhún na nGall nó Comhairle Chontae Chorcaí (mar pháirtí mhaoinithe) an íocaíocht deontais don tionscnóir (i bhfoirm aistriú leictreonach).
Údarás na Gaeltachta,
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair,
Doirí Beaga,
Co Dhún na nGall.
Rphost: leaderdnag@udaras.ie Teileafón: 074 95 60100
Údarás na Gaeltachta
Páirc Ghnó an Daingin
Daingean Uí Chúis
Co. Chiarraí.
Rphost: leadermuscrai@udaras.ie Teileafón: 066 9150100