Údarás na Gaeltachta ag tacú le Pobal agus Gnóthaí na Gaeltachta buailte ag COVID-19

25 Márta, 2020

nóiméad léite

Tá plean tacaíochta agus eolais eisithe ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le Pobal agus Gnóthaí na Gaeltachta le linn na tréimhse rabhaidh seo faoi COVID-19.

Tuigeann Údarás na Gaeltachta go bhfuil brú ag an am seo ar chliantchomhlachtaí, fochuideachtaí, eagrais forbartha pobail agus scéimeanna fostaíochta sóisialta a thagann faoinár gcúram de bharr an méid a bhaineann leis an gCorónvíreas Covid-19.

Tá Údarás na Gaeltachta ar fáil i gcónaí chun réimse tacaíochtaí agus comhairle a chur ar fáil chun an tionchar a bheidh ag an gCorónvíreas Covid-19 a mhaolú chomh maith agus is féidir.

Ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus Comhghleacaithe Stáit eile ar chur chuige comhtháite Stáit i leith Covid-19 tá an tÚdarás tiomanta a chinntiú go bhfuil ár gcliaint agus fochuideachtaí faoi réir agus ar an eolas maidir leis an gcomhairle is déanaí agus tacaíochtaí atá ar fáil.

An chomhairle is mó atá á chur ar fáil dár ngeallshealbhóirí ar fad ná monatóireacht leanúnach agus ghéarchúiseach a dhéanamh ar an treoir atá á eisiúint ag na hÚdaráis Sláinte Poiblí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chomh maith le Ranna Rialtais ábhartha. Is féidir an chomhairle is suas chun dáta maidir le Covid-19 a fháil ag na nascanna seo leanas:
• World Health Organization (WHO)
• European Centre for Disease Prevention and Control (ECDC)
• Lárionad Faire um Chosaint Sláinte(HPSC)
• Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE)
• An Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta
• An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
• An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
• Na Coimisinéirí Ioncaim

Tacaíochtaí atá ar Fáil:

Seo a leanas na tacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí incháilithe chun cabhrú leo dul i ngleic leis na fadhbanna gnó a d’fhéadfadh éirí as COVID-19:

  • Deontas Bí Réidh – Tá an Deontas Bí Réidh ar fáil dár gcliaint (micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide) a bhainfeadh tairbhe as tuilleadh taighde agus saineolas seachtrach a fháil chun plean teagmhais a ullmhú maidir le tionchar Covid-19 agus scrúdú a dhéanamh ar rioscaí a laghdú, cúrsaí sreabhadh airgid, bainistiú acmhainní daonna agus margaíocht. Deontas tacaíochta suas go €5,000 nó 50% den gcostas iomlán atá i gceist.
  • Gníomhaigh ar Thionscnaíocht – Beidh tacaíocht ar fáil do chliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil agus a bhfuil tionchar ag an víreas ar a ngnó. Soláthraíonn an tionscnamh 2 lá comhairleoireachta comhlachta gan aon chostas breise chun tacú le comhlachtaí a láidreachtaí a threisiú i dtrí réimse gnó; Bainistíocht Airgeadais, Foinsiú Straitéiseach agus Iompar & lóistíocht.
  • Cuireann an Scéim Mheantóireachta tacaíocht ar fáil do mheantóir gnó a chuideoidh leat i do chéim tosaithe gnó nó a thabharfaidh comhairle faoi réimsí sonracha de do phlean.
  • Airgead i bhFócas – tacaíonn an deontas seo le cliantchomhlachtaí maoiniú suas le €7,200 chun costais táillí comhairleoireachta tríú páirtí a chlúdach. Tacaíonn an deontas le plean airgeadais agus gnó a aithníonn riachtanais airgeadais agus foinsí féideartha maoinithe a fhorbairt.

Comhairle d’Eagrais Forbartha Pobail

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth leis na heagrais forbartha pobail atá faoinár gcúram chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí agus an t-eolas cuí ar fáil acu. Chomh maith leis sin táimid ag moladh go leanfadh na heagrais forbartha pobail an treoir atá ag teacht ó áisíneachtaí sláinte an Stáit i leith Covid-19.

Beidh Aonad Forbartha Pobail Údarás na Gaeltachta agus feidhmeannaigh an Údaráis ar fáil mar is gnáth, ar an bhfón agus ríomhphost, do na heagrais forbartha pobail. Is féidir cruinnithe a eagrú ar líne nó ar an bhfón, ach tá muid ag moladh faoi láthair nach mbeadh cruinnithe á reáchtáil ar an láthair.

Tá plé déanta ag Údarás na Gaeltachta leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun a chinntiú go mbeidh sruth airgid in áit chun freastal ar éilimh deontas reáchtála ar an gnáth-bhealach sna seachtainí romhainn.

 

TUILLEADH EOLAIS: Is féidir an Plean Eolais agus Tacaíochta a íoslódáil anseo Plean Eolais & Tacaíochta Covid19

Údarás na Gaeltachta ar fáil do chomhairle agus tacaíocht

Chun Iarratas a dhéanamh nó comhairle a fháil:
Tá oifigigh de chuid an Údaráis ar fáil am ar bith chun an bealach is fearr le tacaíocht a thabhairt do do chomhlacht a phlé leat, déan teagmháil linn le do thoil.

Seol rphost chuig:
eolas@udaras.ie

Cuir glaoch orainn:
Ardoifig, Gaillimh: 091-503100
Oifig Réigiúnach Dhún na nGall: 074-9560100
Oifig Réigiúnach Mhaigh Eo: 097-81418
Oifig Réigiúnach Chiarraí: 066-9150100
Oifig Réigiúnach Chorcaí: 026-45366

Léigh fúinn ag:
www.udaras.ie

Faigh an scéal is déanaí:
https://www.facebook.com/UdarasnaG/
https://www.instagram.com/udarasnag/
https://twitter.com/UdarasnaG/
https://www.linkedin.com/company/udarasnagaeltachta