Spléachadh ar an todhchaí do rannpháirtithe ETIM ‘An Chruinne’ Údarás na Gaeltachta le Randox!

13 Meitheamh, 2019

nóiméad léite

An Chruinne STEM-participants
An Chruinne STEM-participants

Mar chlabhsúr ar chlár ETIM ‘An Chruinne’ Údarás na Gaeltachta na bliana seo, reáchtáil Randox Teoranta atá lonnaithe ar an gClochán Liath ‘lá scoile sa saol oibre’ do dhaltaí Scoil Chróine An Clochán Liath i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

Tugadh na daltaí ar thuras timpeall áis ardteicneolaíochta Randox Teoranta ar an gClochán Liath agus fuair siad spléachadh ar na poist spreagúla in Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamatic atá ar fáil san áis Ghaeltachta seo atá ar chaighdeán domhanda. Bunaíodh Randox Teoranta ar an gClochán Liath sa bhliain 2008 agus tá sé mar chuid den ghrúpa domhanda, Randox Holdings Ltd., atá ar an 20 comhlacht is fearr diagnóisíche bithcheimice ar domhan agus is branda domhanda é a bhfuil a tháirgí ar díol aige in níos mó ná 145 tír. Faoi láthair agus na daltaí seo ag tabhairt a n-aghaidh ar oideachas dara leibhéal, b’iontach an deis í go bhfeicfidís na róil éagsúla agus na féidearthachtaí ó thaobh oibre de, atá agus a bheidh ar fáil sa nGaeltacht i saol na heolaíochta agus na hinnealtóireachta de.

Tá sé tábhachtach d’Údarás na Gaeltachta agus dár gcliantchomhlachtaí aos óg na Gaeltachta a spreagadh chun na nuálaíochta agus spéis sna hearnálacha seo a spreagadh.

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh

Bhí an turas mar chríoch oiriúnach ar chláir ETIM ‘An Chruinne’ Údarás na Gaeltachta a reáchtáladh i gcomhar le Junior Achievement Ireland a raibh fáil ag os cionn 400 daltaí bunscoile air i nGaeltachtaí ar fud na tíre i mbliana.

Cuireann an clár An Chruinne ranganna eolaíochta ar fáil trí Ghaeilge agus tugann sé ugach do dhaltaí i rang a sé i mbunscoileanna Gaeltachta staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht sa meánscoil. Cuireadh traenáil agus tacaíocht ar fáil do dhaoine ó eagraíochtaí éagsúla a thug a gcuid ama go deonach le hoideachas a chur agus suim na ndaltaí a chothú in Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM). Cúig mhodúl atá sa gclár ‘An Chruinne’ a chuimsíonn bunphrionsabail na heolaíochta agus a dhíríonn aird na ndaltaí ar a tábhacht ina saol ó lá go lá.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh agus é ag tagairt do chlár An Chruinne, “Tá sé tábhachtach d’Údarás na Gaeltachta agus dár gcliantchomhlachtaí aos óg na Gaeltachta a spreagadh chun na nuálaíochta agus spéis sna hearnálacha seo a spreagadh iontu ina dteanga dúchais féin. Tá muid faoi chomaoin ag Randox Teoranta agus cliantchomhlachtaí eile a thug a gcuid ama go flaithiúil chun suim an chéad ghlúin eile a mhúscailt sa nuálaíocht agus san eolaíocht agus béim a chur ar na deiseanna iontacha atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Is iad seo na fiontraithe agus na heolaithe a bheidh againn sa todhchaí agus is iad a chruthóidh agus a fhorbróidh Gaeltacht na todhchaí”