Nuálaíocht, Fiontraíocht agus an Ghaeilge ag croílár Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020

20 Iúil, 2018

nóiméad léite

Nuálaíocht & Fiontraíocht agus An Ghaeilge an dá théama uileghabhálach a chuimsíonn Plean Straitéiseach nua Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2018-2020. Leagann an Plean Straitéiseach amach cur chuige na heagraíochta chun pobal agus geilleagar fuinniúil, rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt agus trí sin áit na Gaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a chinntiú.

“Sna trí bliana seo romhainn beidh fócas Údarás na Gaeltachta dírithe ar nuálaíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn chun go gcothaítear na pobail bhríomhara teanga atá ar fud na Gaeltachta."

Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

PRÍOMHSPRIOCANNA
Ar na príomhspriocanna atá leagtha amach ag an eagraíocht do na trí bliana seo romhainn tá:

  • 1,500 post nua a cheadú thar thréimhse na straitéise;
  • Tacú le 8,000 post lánaimseartha a bheith cruthaithe agus buanaithe i gcliantcomhlachtaí;
  • An bhunsraith fhiontraíochta a bhuanú agus forbairt, trí thacú le comhlachtaí nua agus comhlachtaí seanbhunaithe a gcuid gnó a fhás agus a láidriú
    • Ardú 10% a chur le líon na gcliantchomhlachtaí atá i mbun easpórtála;
    • Easpórtáil agus díolacháin na gcliantchomhlachtaí a mhéadú 20%;
    • Caiteachas na gcliantchomhlachtaí ar Thaighde agus Forbairt a mhéadú 15%;
  • Tacú le 29 Plean Teanga a bheidh ullmhaithe agus á bhfeidhmiú (26 LPT & 3 BSG);
  • Tacú le 31 eagraíocht pobail sa Ghaeltacht trí chlár maoinithe leanúnach spriocdhírithe a chur ar fáil;
  • Forbairt scileanna agus infhostaitheachta sa Ghaeltacht trí thacú le cláir oiliúna, oideachais agus cláir nua aimseartha do phrintísigh chomh maith le nascanna a chothú le hinstitiúidí tríú leibhéal;
  • Plean Gníomhaíochta d’Acmhainní Nádúrtha na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;
  • Taighde a dhéanamh ar earnáil na feamainne sa Ghaeltacht le táirgí breisluacha a aithint agus tuarascáil a ullmhú dá réir;

I gcomhréir le príomhspriocanna an phlean tá sraith Tionscnaimh Straitéiseacha ar a bhfuil an plean bunaithe chomh maith.

TIONSCNAIMH STRAITÉISEACHA

gteic – Gréasán Digiteach na Gaeltachta
Déanfar 30 aonad nuálaíochta agus digiteach le ceangal leathanbhanda ardluais a fhorbairt fud fad na Gaeltachta chomh maith le 6 oileán Gaeltachta agus 7 nOileán eile amach ón gcósta.
Tabharfaidh na forbairtí seo deis do phobal na Gaeltachta filleadh uirthi nó fanacht ina gceantar féin trí dheiseanna cianoibre ag deasca sealaíochta, spásanna oibre comhionaid nó oifigí príobháideacha sna moil chéanna. Deis den scoth a bheidh san éiceachóras digiteach seo do chomhlachtaí nua teicneolaíochta tosú amach nó lonnú sna ceantair tuaithe a chuimsíonn na Gaeltachtaí.

Páirc na Mara
Déanfar Páirc na Mara, páirc nuálaíochta muirí íseal-charbóin nua-aimseartha a fhorbairt ar láthair tuairim is 45 míle siar ó Chathair na Gaillimhe. I gcomhairle le páirtithe straitéiseacha, cuirfear pleananna i dtoll a chéile ar bhun comhoibríoch, a chuirfidh ar chumas Údarás na Gaeltachta páirc nuálaíochta muirí chomhaimseartha a fhorbairt, chun fás san earnáil a chur chun cinn agus chun fás eacnamaíoch agus fostaíochta sa gceantar a chumasú. Samhlaítear go mbeidh forbairt Pháirc na Mara ina chumasóir tábhachtach i leith fhorbairt an tionscail mhuirí ina iomláine, ní hamháin i gceantar Chonamara Láir ach ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal náisiúnta freisin.

Branda na Gaeltachta
Is éard atá i mBranda na Gaeltachta ná stampa aitheantais do gach rud a thionscnaítear sa nGaeltacht agus beidh mar léiriú físiúil ar an mbeocht, fiontraíocht, saibhreas cultúrtha, oidhreacht agus teanga uathúil atá sna réigiúin Ghaeltachta. Is táirge ar leith, táirge den chéad scoth ar chaighdeán domhanda é Gaeltacht na hÉireann atá bunaithe ar theanga, ar chultúr, ar dhaoine agus ar acmhainní na Gaeltachta. Forbrófar an branda chun gur féidir an úsáid is fearr a bhaint as an ‘táirge’ Gaeltachta seo agus an poitéinseal is fearr a bhaint amach don réigiún ó thaobh forbairt acmhainní, cruthú fostaíochta agus infheistíocht shoghluaiste a mhealladh.

Diaspóra na Gaeltachta
Beidh an straitéis seo ag súil le pobal na Gaeltachta atá ar imirce thar lear nó atá scaipthe ar fud na tíre a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta, le tacú leis na pobail bhríomhara teanga agus cultúir a chothú. Táthar ag súil gur féidir ceangal leanúnach a dhéanamh leis an bpobal náisiúnta agus domhanda seo chun na deiseanna fostaíochta, maireachtála, sóisialta, teanga agus cultúir atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta a chur ar a súile dóibh. Tá an ceangal a dhéantar agus a chothaítear leis an diaspóra Gaeltachta tábhachtach chun an Ghaeltacht a chur chun cinn mar réigiún atá spreagúil agus nuálaíoch chun cónaí agus oibriú inti.

Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta
Tabharfar tacaíocht do réimse tograí straitéiseacha turasóireachta Gaeltachta sa tionscnamh seo chun cabhrú leis na tograí sin cur lena gcumas bainistíochta, margaíochta, forbartha agus feidhmiúcháin. Tá sé tábhachtach d’earnáil na turasóireachta sa Ghaeltacht go mbeidh léiriú ar theanga, ar chultúr, ar thimpeallacht agus ar oidhreacht shaibhir na Gaeltachta mar ghné lárnach i bhforbairt na dtáirgí, seirbhísí agus na hacmhainní atá riachtanach chun an oiread de luach eacnamaíochta agus fostaíochta a shaothrú chun tairbhe na bpobal áitiúil.

Ag tagairt do straitéis nua na heagraíochta, deir Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, “Tá Bord nuacheaptha Údarás na Gaeltachta sásta go bhfuil plean straitéiseach dúshlánach uileghabhálach againn le feidhmiú sna trí bliana seo romhainn. Tá sé mar bhunsprioc againn tacú le hacmhainní teanga, pobail, nádúrtha agus cultúrtha na Gaeltachta agus forbairt a dhéanamh orthu de réir an mhaoinithe a bhíonn ar fáil dúinn. Caithfear an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta a chur chun cinn agus a threisiú chun pobail labhartha Ghaeilge níos láidre a chothú. Tá dúshláin mhóra leagtha roimh an eagraíocht agus táimid ag tabhairt fúthu le díocas agus le tiomantas a chinnteoidh go mbeidh neartú agus saibhriú na Gaeltachta mar thoradh ar ár gcuid iarrachtaí.”

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Sna trí bliana seo romhainn beidh fócas Údarás na Gaeltachta dírithe ar nuálaíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn chun go gcothaítear na pobail bhríomhara teanga atá ar fud na Gaeltachta. Tá sé mar sprioc againn go gceadófar 1500 post i rith thréimhse an phlean agus go ndéanfar an bhunsraith fhiontraíochta a bhuanú agus a fhorbairt. Beidh aird faoi leith á thabhairt ar fhorbairt acmhainní daonna, nádúrtha, cultúrtha agus teanga na Gaeltachta agus beifear ag súil le Diaspóra na Gaeltachta agus na scileanna atá acu a mhealladh ar ais chun tacú agus cur le pobal na Gaeltachta.”