Gaeltachtaí na hÉireann agus Albain chun tairbhe a bhaint as ceangal cómhalartach

19 Deireadh Fómhair, 2018

nóiméad léite

Misean Trádála Gnó Ghaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban

Gaeltachtaí na hÉireann agus Albain chun tairbhe a bhaint as ceangal cómhalartach Oifigí Gnó atá cruthaithe idir Gaeltachtaí na hÉireann agus Albain mar chuid de Mhisean Trádála Gnó.

Fógraíodh inniu (19 Deireadh Fómhair 2018) go mbunófaí oifigí trádála cómhalartacha chun tacú le comhlachtaí i nGaeltacht na hÉireann agus in Albain agus chun infheistíocht & deiseanna trádála a éascú.
Is iad Cumann Tráchtála Lodainn Thiar (West Lothian Chamber of Commerce) atá ina gceann feáin ar an gceangal seo i gcomhar le Cumainn Tráchtála na hAlban (Scottish Chambers of Commerce) agus Údarás na Gaeltachta, an chéad cheann dá leithéid riamh d’Albain agus don Ghaeltacht. Feidhmeoidh an socrú mar acmhainn luachmhar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag iarraidh a bpáirtíocht idirnáisiúnta B2B a leathnú.

Is céim mhór chun tosaigh é an fógra seo do Ghaeltacht na hÉireann agus cuireann sé béim ar thionchar náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeltachta agus na féidearthachtaí a eascraíonn as comhaontais agus as comhoibriú

Seán Kyne, T.D.

Ag tionól de chuid cheannairí gnó as Albain agus Éirinn, bhí an méid seo le rá ag Aire Trádála, Infheistíochta agus Nuálaíochta na hAlban, Ivan McKee MSP:
“Is dea-shampla é seo den earnáil phríobháideach agus phoiblí ag obair as lámha a chéile chun comhpháirtíocht éifeachtach a chruthú a dhéanfaidh rudaí níos éasca do ghnóthaí cur lena n-inniúlacht chun trádála. Taispeánann sé seo dúthracht na ngnóthaí Albanacha agus Éireannacha chun go gcuirfí lena gcuid deiseanna ó thaobh trádála agus infheistíochta de agus a chothóidh comhoibriú éifeachtach eatarthu. Is iontach an toradh é seo ar Mhisean Trádála trí lá i nGaeltacht Dhún na nGall, a bhí faoi mo stiúir, agus tá mé ag súil le mo thacaíocht a thabhairt don chomhpháirtíocht thábhachtach seo.”

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, T.D.:
“Is céim mhór chun tosaigh é an fógra seo do Ghaeltacht na hÉireann agus cuireann sé béim ar thionchar náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeltachta agus na féidearthachtaí a eascraíonn as comhaontais agus as comhoibriú. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do mo leath bhádóir, Joe McHugh T.D. a chruthaigh naisc láidre le hearnáil ghnó na hAlban le linn mhisean thrádála i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le hionadaithe ó mo Roinn i mí Iúil 2018. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil anois le fógairt an cheangail chómhalartach inniu. Tabharfaidh ceangal na n-oifigí trádála cómhalartacha misneach do cheantair Gaeltachta a dtabharfaidh muid a dtacaíocht dóibh. Léiríonn sé na buntáistí a bhaineann le hinfreastruchtúr agus córais iompair chuí a chur ar fáil i gceantair tuaithe.”

Deir Lis Cameron OBE, Stiúrthóir agus Príomhfheidhmeannach Chumainn Tráchtála na hAlban:
“Tá féidearthachtaí móra ann do Ghaeltachtaí na hÉireann agus Albain agus léiríonn bunú na n-oifigí trádála ár n-uaillmhian agus ár ndúthracht le caidrimh ghnó idirnáisiúnta a leathnú. Tabharfaidh an ‘pointí teagmhála gnó’ gnóthaí uaillmhianacha, atá ag iarraidh cur lena mbonn custaiméirí agus páirtnéirí trádála nua a aithint, le chéile. Tugann an chomhpháirtíocht seo deis do ghnóthaí Albanacha naisc a chruthú go hidirnáisiúnta agus cuireann sí lenár bpointí teagmhála idirnáisiúnta sa tSín, i gCeanada agus san Indinéis, rud a léiríonn na torthaí éifeachtacha do ghnó nuair a oibríonn an earnáil phríobháideach agus phoiblí as lámha a chéile.”

Ag labhairt dó faoin bhfógra, dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta;
“Is céim mhór chun cinn í an chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus Cumainn Tráchtála na hAlban (Scottish Chambers of Commerce) ó thaobh cur le féidearthachtaí trádála do ghnóthaí Éireannacha. Tabharfaidh sí deis mhór do ghnóthaí Albanacha a láithreacht a chruthú in Éirinn chomh maith le breathnú ar mhargaí nua agus na féidearthachtaí a chuireann sé ar fáil.
Cuirfidh an socrú cómhalartach go mór le comhlachtaí Gaeltachta ó thaobh rochtain a bheith acu ar eolas, tacaíocht agus saineolas chun a mbonn easpórtála i margaí na hAlban a fhorbairt. Tá muid ag súil le páirt ghníomhach a ghlacadh chun an tairbhe atá le fáil as an gcomhaontas gnó le gnó a aithint agus leas a bhaint as féidearthachtaí eacnamaíochta do phobail sna réigiúin Ghaeltachta. Agus scamall an Bhreatimeachta ag cruthú neamhchinnteacht do ghnóthaí in Albain agus in Éirinn, is údar misnigh é go bhfuil muid in ann leanúint leis an bpáirtnéireacht atá tairbheach don dá thaobh, atá cruthaithe againn le Cumainn Tráchtalá na hAlban agus le lucht gnó in Albain.”