Fiontraithe óga Gaeltachta ag tabhairt a n-aghaidh ar an Eoraip

8 Aibreán, 2019

nóiméad léite

Féidhlim Ó Cualáin and Stephen Ó Conghaile of Save the Seas
Féidhlim Ó Cualáin and Stephen Ó Conghaile of Save the Seas

Sábháil Ár nAigéan, comhlacht nuabhunaithe as Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe a fógraíodh ina mbuaiteoirí ar Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2019 a bhí ar siúl i nGaillimh. Déanfaidh buaiteoirí na bliana seo ionadaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Comhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2019 a reáchtálfar i Lille na Fraince i mí Iúil. Seo an chéad bhliain a bheidh deis ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta a bheith páirteach i gcraobh Eorpach an chomórtais.

As an 750 dalta idirbhliana as ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, An Mhí agus Port Láirge a ghlac páirt sa chlár, ocht bhfoireann a roghnaíodh chun dul ar aghaidh go dtí an Chraobh Náisiúnta. Léiríonn an caighdeán a leag na buaiteoirí réigiúnacha síos go mbeidh cáil ar bhuaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta mar fhiontraithe críonna

Féidhlim Ó Cualáin agus Stephen Ó Conghaile a bhunaigh Sábháil Ár nAigéan. Chruthaigh siad siopa gnó miondíola ar líne ag díol réimse táirgí ar théama na farraige le síntiúis do charthanachta mara san áireamh. Is iad Máirín Ní Mhainnín, a múinteoir Staidéar Gnó agus Kathleen McDonagh ó GoWest na meantóirí a bhí acu.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh trí Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI). Foghlaimíonn na daltaí cén chaoi lena ngnó féin a thosú, agus faigheann siad treoir maidir leis an smaoineamh, taighde margaíochta, táirgeadh, margaíocht, díolachán agus airgeadas. Rinne oibrithe gnó áitiúla, feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta, JAI in éineacht leis na múinteoirí scoile meantóireacht ar na daltaí.

Tar éis iomaíocht ghéar sna babhtaí réigiúnacha i gCiarraí, Maigh Eo, Gaillimh agus Dún na nGall rinne foirne as

  • Coláiste Ghobantan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí;
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí;
  • Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe;
  • Pobalscoil Mhic Dara, Carna, Co. na Gaillimhe;
  • Coláiste Naomh Bhreandáin, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
  • Coláiste Pobail Acla, Acaill, Co. Mhaigh Eo;
  • Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
  • ionadaíocht chumasach thar ceann a gceantar ag an gCraobh Náisiúnta.

Bhain na daltaí ar fad a bhí páirteach an-tairbhe as an gceardlann chumarsáide le Darach Ó Tuairisg as Fíbín an lá roimh an gCraobh le gach foireann ag cur a gcuid táirgí ar taispeáint ag seastán gnó, ag léiriú a n-éirim gnó le linn agallamh na moltóirí agus ag cur a gcuid smaointe gnó os comhair an phobail ar lá na craoibhe.

Ba iad Mark de Faoite, Údarás na Gaeltachta agus Bernie Ní Shúilleabháin, Telegael, a bhí ag moltóireacht agus bhí siad an-tógtha le léiriú na ndaltaí thar na réimsí ar fad den chomórtas ach ba iad Sábháil Ár nAigéan a fuair an ceann is fearr ar Píosa Beag Ón Daingin as Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Number Ninjas as Pobalscoil Ghaoth Dobhair leis an smaoineamh gnó nuálach agus a léiriú iomlán ar an lá.

Léiríonn taighde as an Eoraip maidir le daltaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí oideachais fhiontraíochta ar nós Clár na gComhlachtaí gur mó seans atá acu a ngnó féin a bhunú, agus is lú seans go mbeidh siad dífhostaithe agus níos minice bíonn siad i bhfostaíocht sheasta. Tugann Clár na gComhlachtaí cúnamh maidir le cruthaitheacht, tionscnaíocht, tuiscint airgeadais, obair foirne, scileanna cumarsáide, tuiscint ar rioscaí agus fonn freagrachta – scileanna agus tréithe a bheidh tairbheach agus iad ag dul chun cinn i saol na hoibre.

Dúirt Mark De Faoite, Stiúrthóir Fiontraíochta agus Fostaíochta Údarás na Gaeltachta: “Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ag Clár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2019. Léiríonn a n-eolas agus a ndíograis ar a gcuid smaointe gnó go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Tá Údarás na Gaeltachta an-mhórtasach as an tacaíocht a chuirtear ar fáil chun fiontraíocht i measc daltaí a chur chun cinn i gcomhar le Junior Achievement Ireland agus tá mé cinnte go bhfeicfidh muid tuilleadh de na fiontraithe óga seo san am atá le teacht. Comhghairdeachas mór leis an bhfoireann chaithréimeach as Coláiste Cholmcille as bhur ndúthracht agus bhur fonn fiontraíochta. Tá mé cinnte go spreagfaidh na hiarrachtaí seo fiontair sa nGaeltacht amach anseo.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland Helen Raftery: “Chuir tacaíocht Údarás na Gaeltachta ar chumas os cionn 750 dalta sa tsraith shinsearach taithí phraiticiúil fhiontraíochta a fháil sna Gaeltachtaí ar fad trí Chlár na gComhlachtaí i mbliana. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Údarás na Gaeltachta, leis na múinteoirí agus na meantóirí gnó as ucht na deiseanna foghlama seo a chur ar fáil do na daltaí. Comhghairdeachas le Sábháil Ár nAigéan as Coláiste Cholmcille, buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta. Beidh an fhoireann ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag Comhlacht na Bliana Chomórtas Junior Achievement na hEorpa, 2019 a reáchtálfar i Lille na Fraince i mí Iúil.”