Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta ar Oileán Chléire, Co. Chorcaigh.

12 Meán Fómhair, 2018

nóiméad léite

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar Oileán Chléire i gCo. Chorcaigh don chéad uair riamh inniu. Gnáth chruinniú míosúil de chuid an Údaráis a bhí i gceist agus rinne Comharchumann Chléire cur i láthair don bhord ag tabhairt léargas dona comhaltaí ar staid reatha an oileáin agus na tograí éagsúla atá ar idir lámha acu. Thug bainisteoir an Chomharchumainn Máirtín Ó Méalóid cuntas cuimsitheach ar obair an chomharchumainn agus na dúshláin atá roimh an bpobal beag Gaeltachta seo chomh maith leis na deiseanna gur féidir a thapú.

 

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh ar Oileán Chléir i gCorcaigh inniu (11/09/18) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 41 post nua lán aimseartha á gcruthú iontu agus ina mbeidh infheistíocht iomlán d’os cionn €13.7m sa nGaeltacht i gceist leo as seo go ceann roinnt blianta, idir infheistíocht na gcomhlachtaí féin agus tacaíocht an Údaráis, nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo, Gaillimh, na Mí agus Corcaigh a bhain na tograí a ceadaíodh ag an gcruinniú.

Staid Reatha an Phróisis Pleanála Teanga sa Ghaeltacht
Tugadh léargas cuimsitheach do Bhord Údarás na Gaeltachta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Tá 9 bplean teanga ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go dáta agus fáilte curtha roimh cheapachán an chéad dhá oifigeach pleanála teanga i gCloich Chionnaola agus i nGaoth Dobhair & Íochtar na Rosann.

Pleananna Teanga Ceadaithe (9)
Cloich Chionnaola, Gaoth Dobhair & Íochtar na Rosann, Cois Fharraige, Na Déise, Múscraí, Ciarraí Theas, Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh, Ciarraí Thiar agus Maigh Eo Thuaidh.

Pleananna curtha faoi Bhráid na Roinne (4)
An Cheathrú Rua, Árainn Mhór, Conamara Láir, Ráth Chairn & Baile Ghib

Pleananna le seoladh chuig an Roinn – Fómhar 2018 (5)
Dún na nGall Theas, Ceantar na nOileán, Tuaisceart Dhún na nGall, Toraigh agus Oileáin Árann.

Pleananna le bheith réidh i 2019 (5)
Maigh Eo Thiar, Maigh Cuilinn, Cléire, Na Rosa agus An Ghaeltacht Láir.

Aighneas Tionsclaíoch RA Pacáistí Teoranta, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Rinne Bord Údarás na Gaeltachta plé mheáite ghairid ar stailc aon lae atá fógartha i gcliantchomhlacht RA Pacáistí i nDún na nGall. Dearbhaíodh nach raibh aon ról reachtúil, conarthach ná intuigthe ag Údarás na Gaeltachta aon pháirt a ghlacadh le cuidiú, idirghabháil ná maoirseacht caidreamh tionsclaíoch i ngnóthaí dá léithéid idir comhlacht príobháideach agus a chuid fostaithe ná aon ráiteas a dhéanamh ina leith. Soiléiríodh chomh maith nach gnáthamh é d’aon eagraíocht fiontraíochta sa tír a leithéid de ról a ghlacadh ná coinníollacha maidir le haitheantas do cheardchumainn a chur le ceadanna tacaíochta deontais agus nach mbeadh sé cuí a leithéid a dhéanamh.
Is oth leis an Údarás go bhfuil stailc fógartha agus tá ag súil go mbeidh an comhlacht agus na fostaithe in ann teacht ar réiteach sásúil dona páirtithe leasmhara ar fad.

€20,000 ceadaithe d’uasghrádú ar shuíomh Ionad Fiontraíochta Ráth Chairn
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta soláthar caipitil de €20,000 inniu oibreacha riachtanacha uasghrádaithe a dhéanamh ar charrchlós ionad fiontraíochta Ráth Chairn. Tá cliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis, oifigí le Foras na Gaeilge agus leabharlann lonnaithe sa ionad fiontraíochta agus úsáid shuntasach a bhaint as na háiseanna.

Tacaíochtaí Pobail ceadaithe faoi Scéim Fiontair Pobail Údarás na Gaeltachta
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta tacaíocht do réimse tograí pobail éagsúla de luach €31,599 ag a gcruinniú boird in Oileán Chléire i gCorcaigh inniu. €8,500 a ceadaíodh do thograí pobail i gCo. Dhún na nGall, €9,374 do thograí pobail i gCo. Mhaigh Eo, €9,850 do thograí pobail i gCo. na Gaillimhe agus €4,875 do thograí pobail i gCo. Chiarraí. Cuirfear na coistí agus na heagraíochtaí éagsúla ar an eolas maidir leis an dtacaíocht sonrach sna seachtainí seo romhainn.

Drioglann Shliabh Liag
Tugadh le fios do Bhord Údarás na Gaeltachta ag a gcruinniú boird in Oileán Chléire inniu go raibh sé curtha in iúl ag stiúrthóirí an chomhlachta Drioglann Shliabh Liag don Údarás go bhfuil féidearthachtaí forbartha ar shuíomh eile atá taobh amuigh den Ghaeltacht á meas acu faoi láthair.

Tá plé leanúnach ar siúl ag feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta le os cionn dhá bhliain anuas maidir le forbairt Dhrioglann Shliabh Liag ar an Charraig. Ceadaíodh léas don chomhlacht ar ionad de chuid an Údaráis ar an Charraig go dtí go mbeadh a shuíomh féin aimsithe ag an chomhlacht le drioglann agus ionad cuairteoirí a thógáil air. Cé gur aimsíodh suíomh fóirsteanach sa cheantar don fhorbairt, ar an drochuair, tugadh le fios don chruinniú nár éirigh le stiúrthóirí an chomhlachta socruithe a chur i gcrích maidir leis an suíomh sin. Leanfar leis an phlé idir feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta agus stiúrthóirí an chomhlachta faoin ábhar le gach féidearthacht maidir le suíomh Gaeltachta don tionscadal iomlán nó do chuid den tionscadal a chíoradh.

Comhgháirdeachas déanta le Tadhg Ó Conghaile, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga
Rinne Bord agus Bainistíocht Údarás na Gaeltachta a mbuíochas a chur in iúl do Thadhg Ó Conghaile a bhí ag freastal ar a chruinniú boird deiridh agus é ag dul ar scor ar phinsean ón eagraíocht an mhí seo chugainn. Tá Tadhg ag obair i róil éagsúla le hÚdarás na Gaeltachta ó 1980 i leith agus tá mar Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga ó 2016 i leith. Tar éis tréimhsí sa Rannóg Airgeadais agus mar Fheidhmeannach Forbartha agus Bainisteoir Forbartha Pobail chaith Tadhg tréimhse mar Bhainisteoir Réigiúnach Chonnacht Laighean leis an eagraíocht sul má ceapadh mar stiúrthóir é.