SW-GROW

Is togra Eorpach SW-GROW, atá cómhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tríd an gClár Forimeall Thuaidh agus Artach 2014-2020. Ritheann an togra ó Mhí Lúnasa 2019 go dtí Mí Lúnasa 2022.

Is é cuspóir an tionscadail ná deiseanna eacnamaíocha a mhéadú i dtionscal na feamainne trí chleachtais nuálaíocha oibre a fhorbairt i measc na bhfiontar beag agus meánmhéide atá páirteach sa tionscadal seo i réigiún an NPA chun táirgí feamainne cáilíochta a fhorbairt de chaighdeán comhsheasmhach atá inaitheanta agus gur féidir a bhrandáil go soiléir.

Sw Grow

Aithneoidh an tionscadal saincheisteanna coitianta ar fud an réigiúin agus tabharfaidh siad rochtain ar naisc R & D ardleibhéil laistigh de chomhpháirtithe acadúla ar fud na dteorainneacha réigiúnacha agus náisiúnta chun réitigh phíolóta a fhéadfar a úsáid sa tionscail – réitigh a fhorbairt a chuireann ar chumas aistriú teicneolaíochta ar fud limistéar an Chláir – a rachaidh go háirithe chun leasa FBManna. Mar thoradh air sin beidh leibhéil níos airde nuálaíochta agus iomaíochais i gceantair iargúlta agus ar bheagán daonra trí mhúnlaí agus réitigh a aistriú agus a fhorbairt a éascóidh aistriú teicneolaíochta go agus laistigh de limistéar an Chláir.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an togra www.sw-grow.eu nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Aisling Nic Aoidh, Oifigeach SW-GROW, Údarás na Gaeltachta ag a.nicaoidh@udaras.ie.