SAFER

Tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le páirtnéirí eile Eorpacha, páirteach i dtionscadal SAFER – clár forbartha atá dírithe ar éifeachtúlacht, ar phróisis nua agus ar dheiseanna fáis a chruthú san earnáil bhiamara.  Déanfar é seo trí úsáid teicneolaíochta agus nuálaíocht a neartú agus trí chomhoibriú trasnáisiúnta san earnáil, a spreagadh agus a chothú. Tá SAFER á mhaoiniú faoi chlár INTERREG (AA) de chuid an Aontais Eorpaigh. Ritheann an togra ó Mhí Meán Fómhair 2017 go dtí Mí Meán Fómhair 2020.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an togra http://www.saferatlantic.eu/ nó is féidir teagmháil le Aodh Mac Suibhne, Oifigeach SAFER Údarás na Gaeltachta ag a.macsuibhne@udaras.ie