RegEnergy

Bíonn éileamh mór ar fhuinneamh i mbailte agus cathracha móra na hEorpa agus tá tábhacht faoi leith ag baint le fuinneamh in-athnuaite a úsáid sa lá atá inniu ann. Is éard atá i gceist le togra RegEnergy ná an t-éileamh seo a sholáthar le fuinneamh a bheadh á ghiniúint amuigh faoin tuath. Tá an poitéinseal ann do mhuintir na tuaithe fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt agus laghdú a dhéanamh ar gháis ceaptha teasa. Éascaíonn an togra seo an chomhpháirtíocht maidir le héileamh agus soláthar fuinneamh in-athnuaite i gceantair uirbeacha-tuaithe. I gcomhair leis seo beidh an togra ag iarraidh go mbeidh naisc níos fearr ann idir soláthraithe tuaithe and éilitheoirí uirbeacha. Tréimhse ama: Deireadh Fómhair 2018 go Meán Fómhair 2022.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh an togra  https://www.nweurope.eu/regenergy/ nó is féidir dul i dteagmháil le Fionnán Ó hOgáin, Údarás na Gaeltachta ag foh@udaras.ie