LECo

Is togra Eorpach LECo nó Pobail Áitiúla Fuinnimh, atá cómhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tríd an gClár Forimeall Thuaidh agus Artach 2014-2020. Ritheann an togra ó Mhí Lúnasa 2017 go dtí Mí Iúil 2020 agus tá buiséad de €1.9 milliún aige.

Is é aidhm an togra ná teicneolaíochtaí nuálaíocha a cheangal le hacmhainní nádúrtha áitiúla chun Pobail Áitiúla Fuinnimh Inmharthana a chruthú i gceantair iargúlta. Is é cuspóir an togra ná go mbeidh na Pobail Áitiúla Fuinnimh Inmharthana (LECo) a bhunófar le linn an togra féin-dóthaineach ó thaobh fuinnimh de agus go mbainfidh siad úsáid as foinsí in-athnuaite áitiúla. Tá an togra seo freisin chun tacú leis an eolas atá i measc an phobail ar éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh in-athnuaite agus fuinnimh féin-dóthaineach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an togra https://localenergycommunities.net/ nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hAisling Nic Aoidh, Oifigeach LECo, Údarás na Gaeltachta ag a.nicaoidh@udaras.ie