Emporia4KT

SRACFHÉACHAINT EMPORIA4KT

  • Clár: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa Limistéar an Atlantaigh Interreg
  • Tosaíocht Théamach: Nuálaíocht agus Iomaíochas
  • Fad :1 Márta 2019 – 28 Feabhra 2022 (36 mhí)
  • Cuibhreannas: 14 chomhpháirtí ó 5 thír
  • Comhordaitheoir: Universida de Nova de Lisboa –Faculdade de Ciências e Tecnologia (An Phortaingéil)
  • Buiséad Iomlán: €2.3 milliún

CUSPÓIR AN TIONSCADAIL

Trí EMPORIA4KT, feabhsófar comhoibriú agus sineirge trasnáisiúnta idir na gníomhaithe héilics triaracha acadúla, gnó agus rialtais chun nuálaíocht agus iomaíochas a chothú trína tacófar leis an nGeilleagar Gorm i Limistéar an Atlantaigh. Bainfear é sin amach tríd an tionscadal trí thaighdeoirí a chumasú chun an t-aschur eolais agus an nuálaíochta atá acu a aistriú chuig earnálacha eile.

AN DÚSHLÁN

Is ionann Geilleagar Gorm an Aontais Eorpaigh (AE) agus gach gníomhaíocht gheilleagrach a bhaineann le haigéin, farraigí agus réigiúin cois cósta agus cuimsítear réimsí mar iascaigh, longthógáil, turasóireacht  agus fuinneamh an aigéin. Tá fostaíocht á cur ar fáil do bheagnach 3.5 milliún duine san earnáil faoi láthair san Eoraip agus tá earnáil ag fás i gcónaí. Ach mar sin féin, teastaíonn infheistíochtaí a dhéanamh sa nuálaíocht d’fhonn deiseanna nua gnó a chruthú agus chun ár n-acmhainní aigéin agus farraige a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Ceann de na nithe is mó taobh thiar d’fhás geilleagrach fadtéarmach is ea nuálaíocht teicneolaíocha a thráchtálú, ach is minic nach mbaineann Teicneolaíochtaí Luathchéime (EST) a fhorbraítear trí thaighde acadúil an margadh amach. D’fhonn fás inbhuanaithe Gheilleagar Gorm an AE a spreagadh, tá naisc níos fearr ag teastáil idir an saol acadúil, lucht gnó agus an rialtas – earnálacha a mbíonn spreagadh eile acu go minic.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an togra www.emporia4kt.com .