Access2Sea

Tá an togra Access2Sea maoinithe ag Clár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Ritheann an togra ó Mí Márta 2019 go dtí Mí Feabhra 2022.

Cuireann Access2Sea le tarraingteacht chóstaí Limistéar an Atlantaigh do ghnóthaí beaga agus meánmhéide trí dheiseanna gnó nua a éascú agus rochtain níos inmharthana agus níos fusa a chur ar fáil. D’fhéadfadh an dobharshaothrú dlús a chur le forbairt gheilleagrach agus cruthú fostaíochta i dtaca le biamara trí theacht i dtír agus trí chaomhnú a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha Limistéar an Atlantaigh. Is gné fhíorthabhachtach den Gheilleagar Gorm sa réigiún é bunú fheirmeacha inmharthannachta nua.

Díreoidh Access2Sea ar chruthú deiseanna nua le haghaidh breis fáis iomaíoch agus inmharthannach sa Gheilleagar Gorm i Limistéar an Atlantaigh. Cé gur earnáil le hardphóitinseal é an dobharshaothrú, tá sé fós, den chuid is mó, neamhfhorbartha ag comhlachtaí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an togra www.access2sea.eu nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Fionnán Ó hOgáin, Údarás na Gaeltachta ag foh@udaras.ie nó Noreen Breathnach, Údarás na Gaeltachta ag noreen@udaras.ie.