Deontais

Is féidir leis an Údarás réimse de dhreasachtaí airgid i bhfoirm deontais a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais éagsúla do ghnó. I measc na ndreasachtaí tacaíochta tá:

Deontas do Chúnamh Teicniúil do Mhicrea-Easpórtálaithe

Tá an Deontas do Chúnamh Theicniúil do Mhicrea-Easpórtálaithe ar fáil do ghnóthaí chun deiseanna nua margaíochta a fhiosrú agus a fhorbairt.

Cuidíonn an deontas d’uasmhéid €2,500 (50% de chaiteachas incháilithe) le costais a bhaineann le taighde easpórtála agus costais mhargaíochta, m.sh., taispeántas ag Aontaí Trádála, ag ullmhú ábhar margaíochta agus ag forbairt láithreán gréasáin atá dírithe go sonrach ar mhargaí thar lear.

Téarmaí an Deontais:

  • Clúdóidh an deontas 50% den chaiteachas incháilithe (gan CBL) suas go huasmhéid €2,500.
  • Caithfear iarratas a bheith déanta sula ndéanfar aon chaiteachas.
  • Íocfar an deontas ach cruthúnas a bheith curtha ar fáil a léiríonn gur íocadh as costais a bhí incháilithe agus aontaithe.

Gnóthaí incháilithe do thacaíocht:

Fiontair ghnó nach bhfostaíonn níos mó ná 10 fostaí agus atá

  • gníomhach i ndéantúsaíocht nó i seirbhísí trádála idirnáisiúnta agus
  • ag iarraidh easpórtáil a fhiosrú dá dtáirge/seirbhís nó do tháirge/seirbhís atá beartaithe

Níor chóir maoiniú a bheith faighte ag aon ghnóthaí ó aon fhoinse eile don togra seo.

Catagóirí incháilithe caiteachais

  • Costais a bhaineann le rannpháirtíocht in Aontaí Trádála
  • Ábhar Margaíochta atá forbartha go sonrach chun margaí nua easpórtála a fhiosrú / a fhorbairt
  • Forbairt láithreán gréasáin a bhaineann le cúrsaí easpórtála
  • Aistriúchán ar ábhar atá ann cheana, m.sh., leabhráin, leathanaigh gréasáin agus araile do mhargaí easpórtála
  • Fiosrúchán ar phróisis nua inmheánacha agus seachtracha chun gnó easpórtála a fhorbairt, m.sh. múnla gnó nua nó tabhairt faoi riachtanais neamhrialála teicniúil.

Deontas Staidéar Féidearthachta

Tá an deontas staidéar féidearthachta ar fáil do ghrúpaí, eagraíochtaí, gnólachtaí nó daoine aonaracha le tacú leo na féidearthachtaí a bhaineann le gnó a bhunú nó a fhorbairt a mheas.

Is féidir deontas a íoc ar chuid shuntasach de chostas staidéar féidearthachta. I measc na gcostas inghlactha tá tuarastail agus pá foirne, costas comhairleoirí, taisteal agus cothabháil riachtanach, agus barrchostais eile atá ceangailte go díreach leis an staidéar.

Deontas Taighde agus Forbartha

Tá deontais taighde agus forbartha ar fáil do ghnólachtaí atá chun tabhairt faoi fhorbairtí táirgí, seirbhísí nó próisis nua a chuirfidh le cumas a ngnó fás agus forbairt sa mhargadh.

Is féidir deontas a íoc ar chostais atá ceangailte go díreach leis an gclár taighde agus forbartha. San áireamh sna costais sin tá tuarastail foirne, úsáid sócmhainní do thréimhse agus don mhéid lena mbaineann siad leis an taighde, comhairleoirí nó conraitheoirí taighde, barrchostais agus bunábhar, taisteal agus cothabháil agus aon cheadúnas nó paitinn atá riachtanach don taighde agus forbairt.

Scéim Trádála Ar Líne

Tá an Scéim Trádála ar Líne á soláthar chun líon na ngnóthaí Gaeltachta ag trádáil ar líne a mhéadú agus leibhéal díolacháin ghnóthaí Gaeltachta ar líne a ardú. Tá tacaíocht luachmhar tugtha ag an scéim seo do ghnóthaí móra agus beaga le blianta anuas agus go háirithe le linn paindéim COVID-19 chun cur lena gcumas margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ‘ar-líne’ agus, mar thoradh air seo, tacú le buanú agus forbairt na bunsraithe fostaíochta i rith an tréimhse seo.

 

Méid agus Ráta an Deontais

Faoin Scéim Trádála ar Líne íoctar uasmhéid deontais suas le €2,500, nó 50% de chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, cibé acu is lú, le gnóthaí incháilithe chun a gcumas trádála ‘ar líne’ a fhorbairt agus a threisiú.*

Critéir Incháilithe

Tá an scéim seo dírithe ar fhiontair:

  • ina bhfuil suas le deichniúr fostaithe, atá lonnaithe sa nGaeltacht,
  • atá i mbun gnó le 6 mhí anuas ar a laghad,
  • Le láimhdeachas níos lú ná €2m sa bhliain acu, agus
  • Gur mian leo suíomh idirlín ríomhthráchtála (seachas suíomh margaíochta) a fhorbairt / a uasghrádú

Céard le haghaidh ar féidir an deontas a úsáid?

  • Sain-chomhairliúchán Faisnéise Teicneolaíochta (TF);
  • Láithreán gréasáin ríomhthráchtála a fhorbairt nó a uasghrádú;
  • Íocaíochtaí nó córais áirithinte ar líne a chur i bhfeidhm;
  • Bogearraí a bhaineann leis an Idirlíon a cheannach;
  • Fógraíocht ar líne a cheannach (nótaigh nach  féidir an ceannachán seo a bheith níos mó ná 30% de chostas na ndeontas atá ceadaithe agus ní féidir iad a éileamh ach i dtréimhse íocaíochta amháin);
  • Aip (nó leathanaigh gréasáin ilardán) a fhorbairt;
  • Straitéis mhargaíochta dhigiteach a fhorbairt;
  • Straitéis mhargaíochta dhigiteach a chur i bhfeidhm;
  • Oiliúint/forbairt scileanna a bhaineann go háirithe le gníomhaíocht trádála ar líne a bhunú agus a bhainistiú.

Meastóireacht

Is ar bhunús na gcritéir seo a dhéanfar na hiarratais a mheas:

  • Cumas breisluacha
  • Cumas onnmhairithe/easpórtála
  • Cumas cruthú fostaíochta
  • Inmharthanacht Airgeadais

Earnálacha-incháilithe don scéim

Tá réimse leathan earnálacha gnó incháilithe don scéim.  Tá réimsí áirithe neamh-incháilithe áfach ar a n-áirítear:

  • Iompar Aeir
  • Déantús earraí leictreonacha
  • Eolais Teicneolaíochta agus Foilseacháin
  • Gnóthaí Airgeadais agus Árachais
  • Gnóthaí Oideachais*
  • Gnóthaí Ealaíona*
  • Gnóthaí le Stadas Carthanachta*

*Glacfar le hiarratais, ar bhonn eisceachtúil i scéim 2023, ó ghnóthaí Gaeltachta in earnáil an oideachais, oiliúna pobail, oiliúna teangabhunaithe agus gnóthaí ealaíon Gaeltachta ó tharla iad a bheith lárnach i gclár oibre forbartha Údarás na Gaeltachta.
Glacfar le hiarratais, ar bhonn eisceachtúil i scéim 2023, ó fhiontair shóisialta Ghaeltachta agus ó ghnóthaí ón earnáil fhorbartha pobail Ghaeltachta (iad siúd le stadas carthanachta san áireamh) fhad agus go bhfuil bunús tráchtála leis an iarratas.

Deán teagmháil le hOifig an Údaráis i do cheantar le do thoil le hincháiltheacht a chinntiú sula gcuirfear iarratas isteach.

Caiteachas nach féidir an deontas a úsáid len aghaidh

  • Láithreáin ghréasáin bróisiúir a fhorbairt (is ionann láithreán gréasáin bróisiúir agus láithreán gréasáin nach bhfuil táirgí nó seirbhísí á ndíol air agus / nó nach bhfuil feidhm íocaíochta / cur in áirithe air);
  • Bogearraí nach bhfuil dlúth-cheangailte le forbairt idirlín nó forbairt acmhainne ‘trádáil ar líne’;
  • Caiteachas nach gníomhaíocht a bhaineann le trádáil ar líne é.

Eolas maidir le riaradh na Scéime

  • Ní ghlacfar le haon mhír caiteachais atá déanta roimh an gcead ar chúnaimh deontais a bheith aontaithe. Is i scríbhinn a dheimhníonn Údarás na Gaeltachta ceadú na Scéime don iarratasóir atá i gceist. Ní foláir d’iarratasóirí litir thairisceana sínithe a sheoladh ar ais.
  • Ní caiteachas incháilithe é am an phríomhaí / na bpríomhaithe féin.
  • Ní chuirfear san áireamh ach costais na soláthraithe tríú páirtí a roghnaíodh agus a bhí luaite san iarratas.
  • Caithfidh sonraí cearta gnó a bheith ar shonraisc tríú páirtí/soláthraí (m.sh Sonraí Cláraithe Cánach nó Gnó nó fianaise gur gnó cláraithe é an soláthraí san áit ina bhfuil sé lonnaithe).
  • Ba cheart gach cáipéis thacaíochta a bhaineann le hábhar a bheith i dteannta na foirme iarratais:
    • Cóip de na meastacháin soláthraithe agus mioneolas ar an obair atá le déanamh agus an costas a bhaineann léi;
    • Fianaise ar fhad na trádála más gnó neamhchláraithe atá i gceist nó más trádálaí aonair atá san iarratasóir;
    • Má theipeann ar iarratasóir cáipéisí tacaíochta a chur ar fáil, d’fhéadfaí go ndiúltófaí don iarratas.
  • Níor cheart d’iarratasóirí ach éileamh ar íocaíocht amháin a leagan isteach ag deireadh an tionscadail.
  • Ba cheart d’iarratasóirí an páipéarachas ábhartha ar fad a choimeád le linn an tionscadail chun cabhrú leo féin a n-éileamh a phróiseáil faoi dheireadh an tionscadail, lena n-áirítear: Deimhniú Imréitigh Cánach an Iarratasóra, Bunsonraisc ón Soláthraí, Cruthúnas gur íocadh an soláthraí, agus cruthúnas go bhfuil an obair ar fad curtha i gcrích sula ndéantar éileamh.

Foirm Iarratais

Seol an fhoirm iarratais comhlíonta chuig Tradala@udaras.ie

Deontas Caipitil

Cuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh i bhfoirm deontas caipitil nó fostaíochta ar fáil d’fhiontair atá ag tabhairt faoi infheistíocht chéad uaire sa Ghaeltacht.

Áirítear na tionscnaimh seo a leanas i réimsí gnó ar leith mar fhiontair a mbíonn infheistíocht chéad uaire i gceist leo:

  • Bunú fiontar nua,
  • Leathnú ar fhiontar atá ann,
  • Fiontar ag tabhairt faoi threo eile le táirgí nó seirbhísí breise,
  • Athrú bunúsach ar phróiseas táirgíochta gnó atá ann,
  • Glacadh seilbh ar acmhainní dochta fhiontar i gcúinsí áirithe.

Éadáil na sócmhainní caipitil atá nasctha go díreach leis an bhfiontar, i gcás gur dhún an fiontar síos nó go mbeadh sé tar éis dúnadh síos murar ceannaíodh é, agus ceannaíonn infheisteoir neamhspleách na sócmhainní. Ní hinfheistíocht tosaigh atá i gceist murar tharla ach éadáil ar scaireanna an ghnóthais.

Is féidir deontas caipitil a íoc i gcás ina bhfuil infheistíocht aon uaire á dhéanamh i sócmhainní dochta nó neamhábhartha.

Is féidir gur maoin mar shuíomh, foirgneamh gnó nó innealra agus gléasra a bheadh i gceist le sócmhainní dochta agus gur aistriú teicneolaíochta, paitinn, ceadúnais nó eolas teicniúil gan phaitinn a bheadh i gceist le sócmhainní neamhábhartha.

Deontas Fostaíochta

Is féidir deontas i gcoinne costas infheistíochta chéad uaire a íoc freisin i bhfoirm deontas fostaíochta. Bunaítear leibhéal an chúnaimh ar chostais phá mheasta na bpost nua a chruthaítear thar an gcéad dá bhliain de thoradh na hinfheistíochta.

Is féidir deontas fostaíochta a íoc i leith post páirtaimseartha nó lánaimseartha agus braitheann méid an deontais ar leibhéal scil na bpost agus a thionchar sin ar thuarastal na foirne.Tá tionchar ag suíomh geografach an tionscadail ar an méid cúnaimh iníoctha.

Íoctar leath an deontais nuair a chuirtear an post ar bun agus is iondúil go n-íoctar an t-iarmhéid nuair a bhíonn an post bunaithe ar feadh tréimhse nach lú ná sé mhí.

Deontas Oiliúna

Bíonn scileanna agus saineolas nua ag teastáil nuair a bhíonn gnó ag leathnú nó ag éagsúlú. Tríd an deontas oiliúna, cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil do chláir oiliúna a chuireann oiliúint agus athoiliúint i réimsí nua ar fáil d’fhostaithe.

Íoctar an costas a bhaineann le hoiliúnóirí; costais taistil; ábhair/soláthairtí; treoir agus comhairleoireacht; tuarastail teagascóirí, taobh istigh de theorainn áirithe. Braitheann an méid a íoctar ar nádúr na hoiliúna, is é sin, an oiliúint shonrach í don phost sin amháin nó an oiliúint ghinearálta í a d’fhéadfaí a úsáid i bhfostaíocht eile.

Scéim Fhorbartha Uisceshaothraithe Thráchtála

Faoin gClár Náisiúnta Bia Mara Éireannach 2007-2013, tá iarratais ar chúnamh stáit faoin Scéim thuasluaite á lorg anois. Cuireann an Scéim Fhorbartha Uisceshaothraithe Thráchtála cúnamh deontais, ag ráta suas go 40% de chostais infheistíochta incháilithe, ar fáil chun forbairt tráchtála an uisceshaothraithe a fhorbairt ar bhonn atá inmharthana ó thaobh airgeadais, teicniúil agus na timpeallachta de.

Is ceart iarratais a sheoladh chuig na heagraíochtaí ag na seoltaí thíos roimh 31 Deireadh Fómhar 2014.

Déanfar na hiarratais do thacaíocht airgeadais a rangú agus cuirfear ar aghaidh iad chuig Bord Roghnaíoch do chinneadh faoi chúnamh deontais.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó Fhiontair Bheaga agus Mheánacha atá gníomhach in uisceshaothrú agus a mbeidh a gcuid pleananna infheistíochta:

  • Ag cur le buntáistí eacnamaíochta inmharthana as na feabhsúcháin struchtúra a bheidh mar thoradh orthu,
  • Ag soláthar deimhniú dóthanach d’inmharthanacht theicniúil, eacnamaíochta agus timpeallachta,
  • Ag seachaint torthaí nach bhfuil tairbheach, go háirithe an baol atá ann go mbeidh cumas iomarcach táirgíochta á sholáthar.

Critéir

  • Suímh a bheith faoi Cheadúnas faoi na hAchtanna ábhartha Iascaigh, Imeall Trá agus Pleanála agus táille ceadúnais a bheith íoctha cothrom le data,
  • Sa chás go bhfuil suíomh faoi cheadúnas laistigh de, cóngarach dó nó baol go mbeadh tionchar suntasach aige ar shuímh NATURA 2000 caithfidh measúnú oiriúnach a bheith déanta air faoi riachtanais,
  • Cloí le riachtanais an Chláir Náisiúnta Bia Mara Éireannach 2007-2013,
  • Caithfidh iarratasóirí a léiriú go bhfuil na hacmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla riachtanach acu chun an clár infheistíochta a chur i bhfeidhm;
  • Ní mór dleachtanna calafoirt agus aon airgead eile atá dlite don Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia nó d’aon cheann de na heagraíochta, a bheith íoctha in iomlán;
  • Critéir iomlán an deontais le fáil sa bhfoirm iarratais.

Infheistiú Scaireanna

Infheistítear scaireanna i gcomhlachtaí mar chuid de phacáiste tacaíochta do thograí forbartha a bhfuil féidearthachtaí maithe fáis ag baint leo agus a bhfuil gá le maoiniú breise chun an fás a spreagadh.

Ba chóir plean gnó agus foirm iarratais a sheoladh chuig an Údarás mar chuid den iarratas.

Seirbhísí Comhairleoireachta

Cuireann an deontas seo tacaíocht ar fáil d’fhiontair bheaga agus mhéanmhéide le saintaithí chomhairleoireachta a fháil lena bhforbairt fhadtéarmach a éascú.

Forbairt Scileanna Taighde Margaíochta

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo scileanna taighde margaíochta a fhorbairt d’fhiontair bheaga agus mhéanmhéide trí thacaíocht a chur ar fáil dóibh maidir le costais inmheánacha a bhaineann le taighde ar mhargaí nua i gcomhair táirgí agus seirbhísí. Clúdaítear costais phá don fhoireann atá ag obair ar an gclár margaíochta, costais taistil agus liúntas cothaithe i gcomhair na foirne céanna agus costais inmheánacha maidir le trialacha margaíochta do tháirgí/sheirbhísí ar mhargaí nua.

Tá an tacaíocht seo ar fáil faoi riail De Minimis. Is é sin, foráil ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh atá sa riail De Minimis faoina dtugtar cead rialacha cúnaimh stáit a shárú faoi réir nach sáraíonn an cúnamh iomlán faoin riail d’aon iarratasóir ar leith, cibé eagraíochtaí stáit óna dtagann an cúnamh, €200,000 in aon tréimhse 3 bliana airgeadais. Chun deontas a mholadh faoin riail caithfear é a mholadh faoi cheann nó níos mó de na scéimeanna atá ceadaithe don Údarás a fheidhmiú ach a lua go bhfuil sé á mholadh faoi riail De Minimis agus ag cloí leis na coinníollacha agus próiseas atá leagtha síos dó.

Is fiú a nótáil nach féidir foráil De Minimis a úsáid d’earnálacha na buntáirgíochta ar a n-áirítear táirgí talmhaíochta, iascaigh agus uisceshaothraithe. Baineann uasmhéid €100,000 leis an bhforáil d’fhiontar san earnáil iompair.

 

Rannpháirtíocht in Aontaí Trádála

Is í an aidhm atá ag an deontas seo ná tacú le gnóthaí le costais a bhainfeadh le rannpháirtíocht aon uaire in aontaí trádála éagsúla. Clúdaítear caiteachas ar nós costais seastán a fháil ar cíos, a shocrú agus a rith, aertháillí eacnamaíocha agus costais chothabhála.