Treoirlínte Maidir le Plean Gnó a Ullmhú

Rud bunúsach maidir le rath a bheith ar ghnóthas, plean gnó a ullmhú lena haghaidh. Ba cheart go mbeadh léargas ionraic, dáiríre ar a bhfuiltear a thuar don togra agus ar na haidhmeanna fadtéarmacha sa phlean gnó. Ba cheart go gcuirfí creat ar fáil leis a n-oibreoidh an togra taobh istigh de agus atá ina ghné riachtanach den rath a bheith ar an ngnóthas. Ba cheart, le plean gnó réadúil, inchreidte go ndeimhneofaí riachtanais straitéiseacha agus airgeadais an ghnóthais. Beidh gá leis na ranna seo a leanas sa phlean gnó.

Plean Gnó a Ullmhú

 

Rud bunúsach maidir le rath a bheith ar ghnóthas, plean gnó a ullmhú lena haghaidh. Ba cheart go

mbeadh léargas ionraic, dáiríre ar a bhfuiltear a thuar don togra agus ar na haidhmeanna fadtéarmacha

sa phlean gnó.

 

Beidh gá leis na ranna seo a leanas sa phlean gnó:

 

Achoimre Feidhmiúcháin

  • Cad é an togra
  • Táirge/seirbhís agus na buntáistí atá leis
  • An deis sa mhargadh
  • An meitheal bainistíochta
  • Réamh-mheastacháin airgeadais
  • Riachtanais airgeadais agus an toradh measta

 

Ba cheart go mbeadh an t-achoimre feidhmiúcháin gonta soiléir.

 

Cur síos ar an gcuideachta

  • Próifíl na dtionscnóirí
  • Mionsonraí faoi na stiúrthóirí/scarshealbhóirí
  • Lucht bainistíochta sinsearach
  • Comhairleoirí airgeadais, dlí agus eile

 

Táirgí/Seirbhísí

  • Cur síos ar an táirge/seirbhís agus an rud a dhéantar leis
  • Cén difríocht atá idir é agus táirgí/seirbhísí eile? Cé na cúiseanna a gceannófaí an táirge/tseirbhís
  • seo go sonrach?
  • Buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis
  • An próiseas táirgíochta agus ar na riachtanais a bhaineann leis
  • Meastachán maidir leis an gcostas táirgíochta (amhábhar, páirteanna agus foireann oibre
  • san áireamh)
  • Leibhéal táirgíochta measta tar éis bliana i mbun an ghnó
  • An táirgíocht is gá chun teacht ar an gcothrom
  • Táirgí nua amach anseo más ann
  • Anailís SWOT

 

An Margadh agus Díolachán

  • Cuntas ar an taighde atá déanta agat
  • Cur síos ar an spriocmhargadh atá á chur romhat agat, an chaoi a mheallfar iad agus an úsáid a bhainfidh siad as an táirge/seirbhís
  • Réimse an mhargaidh agus pátrúin reatha maidir leis
  • Anailís ar an lucht iomaíochta
  • Conas a chuirfear an táirge/an tseirbhís chun cinn?
  • Míníú ar na modhanna dáiliúcháin agus a gcostas measta
  • Cur síos ar an straitéis praghsála

 

Oibriúchán

  • An suíomh atá beartaithe
  • Cur síos ar an trealamh a theastaíonn agus ar an acmhainn atá ann
  • An bhfuiltear chun an áitreabh a cheannach nó a thógáil ar léas
  • An bhfuiltear ag cloí leis na coinníollacha maidir le sláinte, sábháilteacht agus an

comhshaol?

  • Foinsí an amhábhair
  • Fostaithe – Cur síos ar na róil a bheidh i gceist agus ar an oiliúint a chuirfear

ar fáil

 

Airgeadas & Maoiniú

  • Riachtanais airgeadais maidir le: áitribh, innealra agus trealamh, trealamh oifige, oiliúint srl.
  • Sraith de réamh-mheastacháin mhionsonraithe ar shreabhadh airgid
  • Cuntas barrachais agus caillteanais réamh-mheasta
  • Réamh-mheastachán réadúil maidir le díolachán
  • Cumas tiomsaithe airgeadais
  • Cur síos ar infheisteoirí ionchasacha
  • Suim a gheofar trí iasachtaí
  • Cabhair deontais más ann
  • Sócmhainní an ghnó
  • Cuir i gcás nach dtarlaíonn de réir mar atáthar a thuar – cén chaoi a dtiocfaidh an gnóthas uaidh
  • sin?

 

Cúrsaí dlí

  • Struchtúr dlíthiúil an ghnóthais
  • An bhfuiltear ar an eolas maidir le caighdeáin phroifisiúnta nó caighdeáin de chuid an tionscail
  • agus mar gheall ar chúrsaí rialála má thagann sin i gceist?
  • Riachtanais maidir le hárachas atá i gceist

 

Cánachas

  • Creat cánachais
  • An bhfuil an gnóthas cláraithe maidir le CBL/ÍMAT/Cáin Gnó?
  • Riachtanais a bhaineann le córas cuntasaíochta don chuideachta

 

 

Aguisíní

  • Réamhmheastacháin airgeadais mhionsonraithe
  • CV na mball foirne is tábhachtaí
  • Sonraí ó thaighde margaíochta
  • Struchtúr Bainistíochta
  • Anailís SWOT
  • Sonraí faoi áitreabh an ghnóthais