Margaíocht

Is í an mhargaíocht an próiseas bainistíochta lena sonraítear riachtanais an chustaiméara agus a naithnítear roimh ré iad chun sochair don ghnó. Ba cheart polasaithe agus beartaíocht uile an chomhlachta a bheith dírithe ar riachtanais an chustaiméara a shásamh. Ba cheart dóibh siúd atá ag cur gnó dá gcuid féin ar bun a mheabhrú gur tábhachtaí díolachán brabúsach ná an díolachán ar an toirt is mó a d’fhéadfaí.

Tá an mhargaíocht fíorthábhachtach in aon ghnó ach go háirithe do ghnóthaí nuabhunaithe.

 

Tá ceithre ghné ag baint leis an margaíocht fhiúntach:

Taighde margaíochta a dhéanamh

Ceisteanna do thaighde margaíochta

  • Táirgí/seirbhísí atá i gceist? An bhfuil éileamh ar an táirge/seirbhís sin?
  • Luach iomlán an mhargaidh?
  • Cén córas díolacháin agus dáiliúcháin a bheidh agat?
  • Cén limistéir tíreolaíochta ina mbeidh tú ag díol?
  • Cé chomh tábhachtach agus atá suíomh an
  • ghnóthais don ghnó?
  • Próifíliú custaiméarí – daonra, déimeagrafaíocht, leibhéal ioncaim srl.
  • Staidéar ar an lucht iomaíochta – cé hiad féin, cé mhéad acu atá ann, cé na
  • buanna/míbhuntáistí atá acu?

 

Céimeanna leis na ceisteanna a fhreagairt

  • Tabhair faoi deara an fhadhb agus sonraigh go sainiúil í
  • Déan anailís ar an gcás
  • Taighde sheachtrach réamhstaidéir – d’fhonn cinntiú gur eolas fiúntach atá á lorg agat.
  • Ceaptar an ceistiúchán agus déantar tástáil air
  • Taighde sheachtrach – Cuirtear na ceisteanna
  • Próiseáil sonraí – Déantar anailís ar an eolas a thiomsaítear agus baintear ciall as
  • Tuairisc – An t-eolas a chur i láthair

 

Straitéis mhargaíochta a chruthú

Aithníonn straitéis margaíochta grúpaí custaiméirí a bhféadann gnó faoi leith freastal níos fearr a

dhéanamh orthu ná a spriociomaitheoirí.  An bealach is fearr le dul i bhfeidhm ar an margadh, fás ar na

díolacháin a chinntiú agus brabús a dhéanamh ná do chuid táirgí/seirbhísí a chur ar an margadh go héifeachtach agus go héifeachtúil. Éilíonn sé sin pleanáil margaíochta mion.

 

Is cur chuige struchtúrtha é anailís SWOT ó thaobh meastóireacht a dhéanamh ar shuíomh straitéiseach. Is éard atá i gceist le anailís SWOT ná anailís ar bhuanna agus ar laigí an ghnó, ar na deiseanna atá sa mhargadh agus ar an mbagairt a bheadh ann don togra. Nuair a bhíonn anailís SWOT déanta is féidir smaoineamh cén bealach le laigí iomaíochais a athrú ina láidreachtaí agus bagairtí a athrú ina ndeiseanna.

 

Nithe le cur san áireamh

  • Bí réalaíoch
  • Ba chóir go mbeadh do phlean margaíochta bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar an taighde margaidh is
  • déanaí, na deiseanna agus na riosca ar áit an mhargaidh.
  • Ní mór duit aird a tharraing ar bhur gcuid tréithe: cén chaoi ar féidir le do chuideachta idirdhealú a dhéanamh idir í féin agus na hiomaitheoirí?
  • Ba chóir go socródh an plean margaíochta na gníomhartha margaíochta is éifeachtaí chun bhur gcuid aidhmeanna agus spriocanna a bhaint amach

 

 

Spriocmhargadh a aithint

Nithe le cur san áireamh

  • Aoisghrúpa
  • Leibhéal ioncaim
  • Inscne
  • Suíomh

 

Meascán margaíochta

  • Táirgí agus Seirbhísí – sainiú a dhéanamh ar an táirge atá tú a thairiscint ó
  • thaobh margaíocht a dhéanamh ar do ghnó.
  • Praghas – praghsanna a shocrú buanithe ar an luach a chuireann custaiméirí ar a dtáirgí nó seirbhísí
  • Cur chun cinn – straitéisí chur chun cinn fógraíochta, díol pearsanta, cur chun cinn
  • díolachán, caidreamh poiblí, margaíocht ar-líne agus idirghníomhú díreach le custaiméirí a shocrú
  • Áit – critéir fhisiciúla agus lóistíocht a mheas

.

Feidhmíocht Margaíochta

Is próiseas leanúnach í an mhargaíocht. Ba chóir measúnú a dhéanamh ar fheidhmíochta lena thuiscint chomh maith nó chomh dona is atá do chlár margaíochta ag obair.

 

Ceisteanna Measúnaithe:

  • An bhfuil an chuideachta ag déanamh gach ar féidir léi le bheith dírithe ar an gcustaiméir?
  • An bhfuil sé éasca ag an gcustaiméir an ní atá uaidh nó uaithi a fháil ar phraghas iomaíoch?
  • An bhfuil torthaí á mbaint amach agat?
  • An bhfuil an custaiméir de réir an phróifíl go díreach?
  • An bhfuil tú ag díriú ar an gcineál ceart custaiméara?
  • An bhfuil do chuid modhanna margaíochta cuí?