Seán Mac Congamhna

Seán Mac Congamhna, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Bóthair Bhéal Átha na Muice
Cill Cheallaigh
Co. Maigh Eo

094 9367895 johncaulfield4@gmail.com

Ar ainmniúchán ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Seán Mac Congamhna ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Is as Cill Cheallaigh i gCo. Mhaigh Eo do Sheán Mac Congamhna. Tá sé ina bhall tofa de Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc leis.