Séamus Breathnach

Séamus Breathnach, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Gleann
Uachtar Ard
Co. na Gaillimhe

091 552726 nó 087 0519884 (ná fág teachtaireacht) cllrseamuswalsh@gmail.com

Ar ainmniúchán ó Chomhairle Chontae na Gaillimh faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Séamus Breathnach ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

 

Is as an nGleann in Uachtar Ard i gCo. na Gaillimhe do Shéamus Breathnach. Is innealtóir é. Tá sé ina bhall tofa do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Toghadh Séamus ina chomhalta tofa ar Bhord an Údaráis idir na blianta 2005 – 2012.

 

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc leis