John Shéamuis Ó Fearraigh

John Shéamuis Ó Fearraigh, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Bun na Leaca
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

087 2441842 johnsheamais@gmail.com

Ar ainmniúchán ó Chomhairle Contae Dhún na nGall faoi Acht na Gaeltachta 2012, cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta John Shéamais Ó Fearraigh ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Is as Bun na Leaca i Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall do John Shéamuis. Tá sé ar shos gairme óna phost mar Oifigeach Óige le Muintearas Teo. faoi láthair. Tá sé ina bhall tofa de Chomhairle Contae Dhún na nGall agus de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc leis.