Eunan Mac Cuinneagáin

Eunan Mac Cuinneagáin, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

WESTBIC
Ionad Forbartha Gnó
Fiontarlann
Cill Charthaigh
Co. Dhún na nGall

087 2523340 ecunningham@westbic.ie

Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Eunan Mac Cuinneagáin ar bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Ceapadh Eunan Mac Cuinneagáin ar bhord Údarás na Gaeltachta roimh seo in 2012 chomh maith do théarma ó 20 Samhain 2012 go dtí 19 Samhain 2017.
Is as an Charraig i gCo. Dhún na nGall do Eunan. Tá sé ina Bhainisteoir Réigiúnach le WESTBIC i gCill Charthaigh.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Tá táille chaighdeánach bhliantúil do Chomhalta den Údarás, €7,695, á íoc leis.