Debra Ní Shuilleabháin

Debra Ní Shuilleabháin, Comhalta Boird, Údarás na Gaeltachta

Comhalta den Údarás

Muintearas Teo.
Cúil Aodha
Maigh Chromtha
Co. Chorcaí

087 9745730 debranishuilleabhain@hotmail.com

Cheap an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Debra Ní Shúilleabháin ar Bhord Údarás na Gaeltachta in 2018 do théarma cúig bliana ó 16 Eanáir 2018 go dtí 15 Eanáir 2023.

Is as Máistir Gaoithe in Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí í Debra Ní Shúilleabháin. Tá Debra ag obair mar Oifigeach le Muintearas Teo i gCúige Mumhan. Bhí sí páirteach i gcúrsaí teanga, pobail, óige agus spóirt le blianta fada le Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh agus Cumann Peile Phiarsaigh na Dromada i gCiarraí Theas.

De réir mar a leagadh síos i mír 12 den Chéad Sceideal den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, íoctar le comhaltaí den Údarás, as cistí an Údaráis, luach saothair agus liúntais a chinneann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó am go ham le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is ionann na táillí seo agus na rátaí atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe do chomhlachtaí Stáit atá i gCatagóir C ag an Roinn sin.

Bunaithe ar threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (2011) maidir le híocaíocht táillí le seirbhísigh phoiblí atá ina gcomhaltaí ar bhoird stáit, ní íoctar táille leis an gComhalta seo.