Céard a dhéanann muid

Ardoifig an Údaráis, Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh chruthaithe fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí pobail, cultúrtha agus teangabhunaithe.

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá an ghníomhaireacht Stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.

Eolaí i mbun oibre i bhfearas seomra íonghlain i saotharlann de chuid Randox Teoranta, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, ar an gClochán Liath

An Cuspóir Eacnamaíochta

Meallann an tÚdarás infheistíocht chuig an Ghaeltacht agus baintear é seo amach trí réimse dreasachtaí airgeadais agus neamhairgeadais a chur ar fáil d’fhiontair nua agus d’fhiontair atá bunaithe cheana féin sa Ghaeltacht.

Cuireann an eagraíocht tacaíocht ar fáil do ghnóthaí margaí nua, teichneolaíochtaí agus comhghuaillíochtaí straitéiseacha a bhunú trí thaighde agus forbairt. Feidhmíonn na cuideachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht i raon leathan earnálacha tráchtála ina measc – na heolaíochtaí saoil, Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, turasóireacht, próiseáil éisc agus dobharshaothrú, fuinneamh in-athnuaite, bia, déantúsaíocht nideoige, cúrsaí closamhairc agus na meáin dhigiteacha, an ealaín agus ceardaíocht.

Tá os cionn 7,000 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis. Tá tionchar eacnamaíoch suntasach ag na cliantchomhlachtaí seo ar eacnamaíocht na tíre.

 

 

Tuilleadh eolais

Íomha den daoine ag baint taitneamh as an Féile

An Cuspóir Cultúrtha

Tá caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár ghníomhaíochtaí uile na heagraíochta. Cuireann an tÚdarás maoiniú ar fáil le haghaidh réimse de ghníomhaíochtaí straitéiseacha teanga agus cultúrtha chomh maith le tacú leis an teanga trí ghnásanna na heagraíochta féin.

Tacaíonn an tÚdarás le daoine aonair, le grúpaí pobail agus le cuideachtaí a chumhdaíonn an Ghaeilge agus a chuireann na gnáth-thimpeallachtaí ar fáil ina dtagann an teanga i mbláth a maitheasa. Mar shampla:

 

 

Tuilleadh eolais

An Cuspóir Sóisialta

Tá páirt ghníomhach ag muintir na Gaeltachta i bhforbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha a gceantair, go mórmhór trí ghrúpaí eagraithe ar nós comharchumainn phobail agus cuideachtaí pobalbhunaithe.

Gníomhaíonn an tÚdarás mar éascaitheoir do na grupaí seo trí chomhairle, cúnamh agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil a chuidíonn leis na grúpaí seo a bheith ina n-acmhainní laidre réamhghníomhacha ina bpobail féin.

Comhoibríonn an tÚdarás go dlúth le grúpaí pobail ar mhaithe le scéimeanna fostaíochta sóisialta a riaradh, tacú le clubanna óige agus le grúpaí réamhscolaíochta, agus le feabhsú an infreastruchtúr shóisialta trí ghníomhaíochtaí ar nós cúnamh a chur ar fáil don aosach agus do dhaoine atá faoi mhíbhuntaiste.

Tuilleadh eolais

Cás-staidéir

Seo roinnt cás-staidéir a bhaineann le trí phríomhchuspóir an Údaráis

Eacnamaíochta

Feidhmíonn na cuideachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht i raon leathan earnálacha tráchtála - ina measc, na heolaíochtaí saoil, Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, turasóireacht, próiseáil éisc agus dobharshaothrú, fuinneamh in-athnuaite, bia, déantúsaíocht nideoige, cúrsaí closamhairc agus na meáin dhigiteacha, an ealaín agus ceardaíocht.

Tuilleadh eolais

Fíbín in Indreabhán

Cultúrtha

Tá caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár ghníomhaíochtaí uile na heagraíochta. Cuireann an tÚdarás maoiniú ar fáil le haghaidh réimse de ghníomhaíochtaí straitéiseacha teanga agus cultúrtha chomh maith le tacú leis an teanga trí ghnásanna na heagraíochta féin.

Tuilleadh eolais

Óg Chlubanna

Sóisialta

Gníomhaíonn an tÚdarás mar éascaitheoir do na grupaí seo trí chomhairle, cúnamh agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil a chuidíonn leo a bheith ina n-acmhainní laidre réamhghníomhacha ina bpobail féin.

Tuilleadh eolais