Forbairt Pobal Mhaigh Cuilinn

Áras Uilinn
Maigh Cuilinn
Co. na Gaillimhe
H91 DHW0

Bunaíodh Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo. (uimhir chláraithe 146396) sa bhliain 1989 mar chomhlacht faoi theorainn ráthaíochta gan scair chaipiteal.
D’eascair an Comhlacht ó Chomhairle Phobail Mhaigh Cuilinn, eagraíocht neamhchorpartha a bhí gníomhach sa pharóiste óna luath seachtóidí.
Is eagraíocht neamhbhrabúsach é Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn (FPMC) agus bronnadh stádas carthanachta air sa bhliain 1997, uimhir charthanachta CHY 12877.
Tá Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo. ina eagraíocht ionadaíoch dheonach ar a bhfuil ballraíocht oscailte do gach duine i bpobal Mhaigh Cuilinn atá os cionn aois vótála. Chomh maith leis an mballraíocht aonair déanann an eagraíocht ionadaíocht ar bhreis agus 50 cumann agus club sa pharóiste. Feidhmíonn sé mar phointe teagmhála lárnach don phobal ina iomláine.
Toghtar bord stiúrthóirí ó bhallraíocht an Chomhlachta agus fanann an Bord sin i bhfeidhm ar feadh thréimhse dhá bhliain.
Feidhmíonn na stiúrthóirí mar choiste bainistíochta an Chomhlachta agus tionóltar cruinnithe rialta den Choiste seo.
Aidhmeanna
Forbairt sa phobal – ina measc: infreastruchtúr, cúrsaí sóisialta, teanga agus cultúir, comhshaoil, geilleagar, spóirt, áiseanna agus gníomhaíochtaí pobail de gach saghas. Déantar é seo i gcomhar leis an bpobal áitiúil, cumainn áitiúla, lucht gnó, forbróirí, Comhairle Contae na Gaillimhe, Údarás na Gaeltachta, FÁS agus áisíneachtaí stáit eile.
Réimse Gníomhaíochta
Tá Oifig Phobail á reáchtáil in Árus Uilinn, oifig a fheidhmíonn mar ionad eolais agus a chuireann réimse seirbhísí ar fáil don phobal chomh maith, ina measc rúnaíochta agus bainistíochta don nuachtlitir áitiúil. Reáchtálann an Comhlacht Árus Uilinn (agus Halla Scoil Mhuire Maigh Cuilinn i ndiaidh am scoile) mar ionad phobail don cheantar. Baineann riar mór grúpaí úsáid as Áras Uilinn nó an halla scoile go rialta nó ar bhonn ócáideach. I 2018-19 bhain 56 eagraíocht/coiste/ grúpa úsáid as na háiseanna seo.
Pleanáil Teanga
Tá Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn, i gcomhar le Craobh Mhaigh Cuilinn de Chonradh na Gaeilge, i mbun an chomhchoiste dheonaigh, Gaeilge Mhaigh Cuilinn, a bunaíodh go sonrach chun tabhairt Phlean Teanga Mhaigh Cuilinn.

Gaillimh Comharchumann