Forbairt Chonamara Láir Teo.

Forbairt Chonamara Láir Teo.,
Teach an Údaráis,
Carna,
Conamara,
Co. na Gaillimhe
H91 XNF2

Is struchtúr forbartha áitiúil é Forbairt Chonamara Láir Teo., atá ag feidhmiú i gceantar Chonamara Láir ó 2007. Tá an t-eagras déanta suas d’ionadaithe ó choistí pobail sa gceantar feidhme – is iad sin CP Chamuis, CP Rosmuc, CP Chill Chiaráin, CP Carna, CP an Chaisil agus CP Shraith Salach.
Tá clár oibre an eagrais bunaithe ar riachtanais aitheanta agus féidearthachtaí forbartha an cheantair agus tá ionchur láidir ag baill an choiste bainistíochta anseo. Tá an t-eagras lárnach i bhforbairt tograí agus seirbhísí pobail áitiúla, m.sh. soláthar áiseanna pobail, seirbhísí riaracháin agus tacaíochta. Trí dhíriú isteach ar fhorbairt acmhainní áitiúla, an timpeallacht nádúrtha, an turasóireacht, an fharraige agus an cultúr, tá sé mar aidhm ag an eagras feabhas agus forbairt a chur chun cinn ar mhaithe le saol eacnamaíochta agus sóisialta phobal an cheantair. I measc na ngnéithe a thagann faoi FCL Teo., tá: Ionad Cúram Leanaí Charna, gteic@Carna, Scéimeanna Fostaíochta Pobail Chonamara Láir, Turasóireacht, Clubanna Óige, Cúrsaí Oiliúna & Oideachais, Clár Cumais, Biongó, Fuinneamh Athnuaite agus an Phleanáil Teanga chomh maith le tograí eile.

Gaillimh Comharchumann