Comhlacht Forbartha na nDéise C.T.R.

Ionad Pobail na Rinne
An Rinn,
Dún Garbhán,
Co. Phort Láirge.
X35 XW29

Comhlacht pobalbhunaithe is ea Comhlucht Forbartha na nDéise c.t.r (CFnD). Bunaíodh CFnD sa bhliain 2005 agus bhí mar fhís bhunaithe ag an gComhlucht: “pobal Gaeltachta beo bríomhar a chothú, buan chultúr na Gaeltachta a chosaint agus a spreagadh, agus dea-chaighdeán maireachtála a bheith ann do mhuintir na háite”. Tá an fhís seo fós i gcroílár obair an Chomhluchta. Tá roinnt tograí móra curtha i gcrích ag an gComhlucht thar na blianta, forbairt Imearlann na nDéise, Páirc Uile Aimseartha sa tSean Phobal, agus anois táimid freagrach mar cheanneagraíocht do chur i bhfeidhm Phlean Teanga na nDéise. Is cuideachta phoiblí í seo agus dá bhrí sin tá seachtar ar bhord CFnD, triúr ionadaithe ó Chomhairle Pobail na Rinne, triúr ionadaithe ó Choiste Forbartha an tSean Phobail agus duine neamhspleách amháin.

Port Láirge Ionaid Seirbhísí Teanga Pobal