Comharchumann Ráth Cairn Teo

Comharchumann Ráth Chairn,
Ráth Chairn,
Baile Átha Buí,
Co. na Mí

Bunaíodh an comharchumann chun pobal Gaeltachta a neartú sa cheantar, an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn agus chun fostaíocht agus tithíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite i gContae na Mí agus tá stair ar leith ag baint leis an gceantar. Mar chuid de scéim a thionscain ‘Muintir na Gaeltachta’ agus Coimisiún na Talún idir 1935 agus 1937, d’aistrigh 41 teaghlach ó cheantair ‘chúnga’ i gConamara go bailte fearainn de chuid Bhaile Átha Buí. D’fhág siad a dtithe i gConamara ina ndiaidh agus tugadh teach nua do gach teaghlach, in éineacht le 22 acra talún, stoc agus uirlisí. Ba í an Scoil Náisiúnta an t-aon áis choiteann a bhí acu. Cé go raibh Béarlóirí mórthimpeall ar na lonnaitheoirí, fágadh faoi na Gaeilgeoirí seo forbairt mar phobal agus rinne siad amhlaidh gan scaradh lena dteanga. Níor tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Ráth Chairn go dtí 1967.

An Mhí Comharchumann Ionaid Seirbhísí Teanga