Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo.

Halla Le Chéile,
Baile Uí Dhuibhne,
Bréanainn,
Co. Chiarraí.
V92 DK4C

Bunaíodh Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo, mar chomharchumann forbartha i 1973 agus é mar phríomh aidhm forbairt a dhéanamh ar acmhainní an cheantair agus cur chun cinn cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha. Tá páirt lárnach ghníomhach glactha ag an gComharchumann i bhforbairt iomlán an cheantair ó shin i leith agus aithnítear é go forleathan mar imreoir tábhachtach forbartha.
Feidhmíonn an Comharchumann mar eagraíocht forbartha do cheantar Bhréanainn, An Clocháin agus An Bhaile Dhuibh. Roghnaíonn an pobal an coiste bainistíochta a oibríonn go deonach ar mhaithe leis an gceantar. Tá bainisteoir lánaimseartha agus tá runaí agus cócaire páirt-aimseartha fostaithe agus faigheann an comharchumann cabhair agus deontas ó Údarás na Gaeltachta. HSE, Pobal, Comhairle Chontae Chiarraí agus Coiste Chúram Leanaí Chiarraí Teo
Seo a leanas príomh imeachtaí an Chomharchumainn go dáta:
Halla Le Chéile.
Lárionad pobail do mhuintir na h-áite is ea Halla le Chéile. Tugann an fhorbairt seo deis don Chomharchumann seirbhísí a chur ar fáil don phobal áitiúil agus deis chun tograí a chur chun cinn a rachaidh chun maitheasa an phobail.

Ciarraí Comharchumann Cúrsaí Gaeilge