Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo.

Corr na Móna
Co.na Gaillimhe
F12 PT02

Ceantar leathan scaipthe é Ceantar Feidhme Chomharchumainn Dhuíche Sheoigeach . Cé nach bhfuil an daonra mór sa gceantar, tá an daonra sin scaipthe i gceantar sléibhtiúil in dhá chontae, Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo. Cé go bhfuil ceangal áirithe idir pobal Dhúiche Sheoigheach agus pobal Thuar Mhic Éadaigh go príomha de bharr na Gaeilge, níl an nasc pobail sin chomh láidir is a bhíodh tráth. Bhí Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo. mar nasc gnó idir an dá phobal tráth, ach de bharr na n-athruithe atá tagtha ar shlí mhaireachtála an phobail agus gnéithe de chúrsaí gnó CDS Teo a bhíodh ag soláthair táirgí feilméarachta don cheantar suas go dtí trí bliana ó shin, níl an nasc chomh láidir is a bhíodh. De bharr gur Limistéar Pleanála Teanga amháin atá i gceist don phlean teanga, tá chuile iarracht á dhéanamh ceangal níos mó a bheith idir an dá phobal agus go deimhin leis an mBaile Seirbhíse, sin Baile an Róba.
Is Comharchumann muid le stádas Clárlann na gCara-Chumann (Registry of Friendly Societies) muid. Tá muid i mbun obair forbartha pobail ar fud an cheantair feidhme. Na réimsí ina bhfuil muid ag gníomhú iontu ná;
• Ilghnéithí Forbartha- Fiontraíocht, Cultúr agus Gnó;
• Soláthar Seirbhísí Sosialta don Phobal – Siúlóidí, Caitheamh Aimsire go ginearálta.
• Soláthar Cúrsaí Oideachais agus Oiliúna;
• An Phleanáil Teanga ;
• An Óige;
• Mol Gteic;
• Geophairc;

Gaillimh Comharchumann Ionaid Seirbhísí Teanga