Comhar Chuigéil Teo

Comhar Chuigéal,
Leitir Mealláin,
Contae na Gaillimhe,
H91 CH7X

Bunaíodh Comhar Chuigéal sa mbliain 1999 le saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn, forbairt a dhéanamh ar thionscadail na Turasóireachta chultúrtha agus le cabhrú le forbairt i measc grúpaí faoi leith sa bpobal: an t aos óg, daoine scothaosta, mná, daoine dí-fhostaithe agus mar sin de…
Tá muid ar fáil le cabhair agus comhairle a roinnt le coistí áitiúla. Déanann muid cúram faoi leith de chaomhnú na timpeallachta i gCeantar na nOileán. Chuige sin, bíonn muid gníomhach ag comhoibriú leis an earnáil phríobháideach, le tionscadail phobail a chur chun cinn.
Cuireann an Comharchumann raon leathan seirbhísí ar fáil do mhuintir an Cheantair; ina measc; Halla Pobail/Seomraí ar cíos, Ionad Turasóireachta, Campaí Samhraidh Spóirt Uisce, Ionad Oidhreachta, Ionad Feamainne, Café, Seomra Ríomhaireachta, Seomra Suaithearachta, Ionad Seirbhísí Teanga, Páirc Spraoi, Bancanna Athchúrsála, Bealach Siúlóidí Leitir Mealláin & Cúrsaí & Ranganna ag brath ar éileamh ón bPobal.
Ag cuir áiseanna ar fáil do Choláiste Spleodar, Imeachtaí Spóirt Uisce ar fáil do Choláistí Gaeilge an Cheantair, Ionad Aosach Cheantar na nOileán, Cumann Drámaíochta Chaorán Aodha & ag déanamh comhordú ar Ghrúpa Cúramóirí Chonamara Theas.

Gaillimh Comharchumann Ionaid Seirbhísí Teanga