Comhar Caomhán Teo

Inis Oírr,
Árainn,
Cuan na Gaillimhe
H91 D27X

Is Comharchumann Gaeltachta é Comhar Caomhán Teo a bunaíodh agus a cláraíodh faoi Chumann Comhar-Eagraíochta na hÉireann Teoranta i 1971. Tá ár gcláir oibre bunaithe ar riachtanais aitheanta agus ar fhéidearthachtaí forbartha an oileáin agus bíonn ionchur bhaill na gcoistí stiúrtha lárnach san obair. Tá An Comharchumann gníomhach i bhforbairt tionscadail agus seirbhísí m.sh soláthar áiseanna pobail, seirbhísí riarachána agus tacaíochta. Trí dhíriú isteach ar fhorbairt acmhainní áitiúla, an timpeallacht nádúrtha, an turasóireacht, an fharraige agus an cultúr, tá sé mar aidhm ag Comhar Caomhán forbairt a dhéanamh ar shaol eacnamaíochta agus sóisialta phobal an oileáin. Cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht láidir airgid agus comhairle ar fáil don Chomharchumann agus chuile ráithe íoctar deontas i leith na gcostas reáchtála laethúla. Tá, agus bhí ó thús, cur chun cinn agus caomhnú na Ghaeilge sa bpobal lárnach i chuile ghné d’obair Chomhar Caomhán teo.

Gaillimh Comharchumann Ionaid Seirbhísí Teanga