Coiste Cultúr Teanga & Forbartha Thuar Mhic Éadaigh Teo.

Halla Pobail Thuar Mhic Éadaigh,
Tuar Mhic Éadaigh
Clár Chlainne Mhuiris
Co Mhaigh Eo.
F12 D990

Bunaíodh an comhlacht Coiste Cultúr Teanga & Forbartha Thuar Mhic Éadaigh i 2009. I 2010 ceadaíodh Deontas Reáchtála ó Údarás na Gaeltachta chun Oifigeach Forbartha a fhostú don cheantar. Seo a leanas na príomh oibreacha atá ar siúl ag an comhlacht: Forbairt ar tograí agus imeachtaí san ceantar feidhme, Cúnamh agus tacaíocht a chuir ar fáil don próiseas pleanála teanga san LPT, Cabhair riaracháin agus tacaíocht a chuir ar fáil do choistí agus daoine aonarach san ceantar feidhme, Tacaíocht a chuir ar fail do Choiste Geopháirc agus Lochanna an Iarthair-spás oifige curtha ar fáil do foireann an Geopháirc, Coiste Fuinneamh In-athnuaite bunaithe sa cheantar, Leabhrán eolais faoi úsáid fuinneamh i tithe príobháideach agus ionad poiblí curtha le chéile agus le seoladh go luath, Eagrú agus tacaíocht do Paráid Bliantúil Lá Fhéile Pádraig, Tóraíocht Ubh Cásca, Seó Talmhaíochta, Lá oscailte Gairdiní Drombáín, Imeachtaí Oíche Shamhna, Féile Ceol na Locha agus Cuairt Daidí na Nollaig, Plean gnímh cúig bliana curtha le chéíle don cheantar 2018-2022 mar chuid do Community Futures. Sheol Aire na Gaeltachta Sean Kyne an plean seo Aibreáin seo caite.

Ar lean:
1. Eagraíonn muid ranganna Gaeilge, Dioplóma sa nGaeilge, Ríomhaireachta, Zumba, Pilates, Cniotáíl, Ceol agus Damhsa agus aon rang eile a bheith éileamh air.
2. Riaradh Club Óige agus Campaí Samhraidh i gcomhair le Muintearas.
3. Eagrú teacht le chéíle do Club na nAosach uair sa tseachtain agus eagrú turas agus imeachtaí sóisialta eile dóibh i rith na bliana.
4. Plean bliantiúil a chuir le chéile do na scéímeanna fostaíochta pobail sa cheantar CE, SST agus Tús. Eagrú cruinnithe do fó-choiste na scéimeanna chuile trí mhí. Teagmháil le saoistí faoi obair a fháil déanta sa cheantar.
5. Seomraí ar cíos do grupaí agus coistí.
6. Ceardlann eolais a eagrú don phobal.
7. Cúrsaí do feirmeoirí.
8. Cabhair a thabhairt don pobal le líonadh foirmeacha, eolais faoi deontais agus srl.
9. Teagmháil leis an Co Contae maidir le forbairt ar áiseanna pobail sa cheantar.
10. Forbairt ar siúlóidí breise sa cheantar.
11. I dteagmháil le Irish Rural Link chun córas taisteal a eagrú do mhuintir an cheantar chuig imeachtaí sóisialta.

Maigh Eo Comharchumann