Comharchumann Shailearna Teo.

Na hAille, Indreabhán
Co.na Gaillimhe
H91 W925

Is eagraíocht Forbartha Pobail le stádas Charthanachta é Comharchumann Shailearna Teo., Bunaíodh an Comharchumann i 1984 chun seirbhís uisce agus móna a chur ar fáil do phobal Chois Fharraige. Tá fás agus forbairt tagtha ar na seirbhísí thar na blainta. Tá Seanscoil Sailearna á reachtáil, áit a bhfuil Amharclann Chois Fharraige, Gorlann na Gaeilge chomh maith le áiseanna ríomhaireachta, I 2005 tógadh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh le seasamh in aghaidh an bhánú Gaeilge sa nGaeltacht.
I measc na dtograí nua atá idir lámha ag CST faoi láthair tá, Tithíocht Inacmhainne, Ionaid GTEIC, Siopa Carthanachta, Ionad Oidhreachta/Ceangail leis an Diaspóra. Táthar ag súil tríd an nua theicneolaíocht go mbeidh comhoibriu idir an pobal ag baile agus an Diaspora atá scaipthe ar fud an domhain agus gur ar an mbealach sin a thabharfar chun beochta pobail tuaithe atá ag dul i léig. Táthar ag obair le go mbeidh ceantar feidhme Chomharchumann Shailearna mar eiseamláir do athbheochan tuaithe sa nGaeltacht, faoin tuath in Éirinn agus i bpobail tearc fhorbartha ar fud na cruinne. Ina theannta sin leanfaidh an Comharchumann seo lena cheannródaíocht i bpleanáil teanga pobal bhunaithe i gcomhoibriú leis an stát, mar atá ar siúl aige ó am a bhunaithe.

Gaillimh Comharchumann Ionaid Seirbhísí Teanga