Comharchumann na nOileán Beag Teo

Ancaire,
An Chrannóg,
Na Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall
F92 EYT3

Lonnaithe thart ar chósta Dhún na nGall, tá réimse d’oileáin ar fiú cuairt a thabhairt orthu:
Gabhla, Inis Bó Finne, Inis Fraoigh, Oileán Ruaidh, Inis Oirthear, Inis Caorach agus Inis Mhic an Doirn.
Is oileáin iad seo a bhfuil saibhreas oidhreachta, cultúrtha, traidisiúin agus teanga beo beathach iontu.
Más suaimhneas atá a lorg agat, nó fonn siúlóide, spaisteoireachta, nó iascaireachta atá ort, is cinnte go mbainfidh tú tairbhe ar cuairt a thabhairt ar oileáin Dhún na nGall.
Is iad forbairt na nOileán agus cumasú na n-oileánach an dhá sprioc atá ag Comharchumann na nOileán Beag.

Dún na nGall Comharchumann