Comharchumann Mhic Dara

An Crompán,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
H91 X4WH

Is Comharchumann Forbartha Pobail bhunaithe é Comharchumann Mhic Dara. Cláraíodh Comharchumann Mhic Dara ar an 29 Deireadh Fómhair 2010. Tá an comharchumann ag gníomhú ar mhaithe le scairshealbhóirí an chomharchumann, an pobal iomlán agus ar mhaithe le ceantar feidhme na Ceathrún Rua. Is é an phríomh aidhm atá le Comharchumann Mhic Dara na Ceathrún Rua, ná forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a chur chun cinn ar mhaithe le gceantar na Ceathrún Rua.
Tá mór chuspóir ag an gComharchumann cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch an cheantair agus go mbeadh tionchar dearfach acu ar fhorbairt agus ar inmharthanacht an phobail.
Tá roinnt mhaith tograí curtha chun cinn ag an gComharchumann ó bunaíodh é agus tá ag éirí go h-an mhaith leis. Tá go leor tograí mhóra i gcomhpháirtíocht le ranna stáit agus leis an gcomhairle contae forbartha again, agus Déanann muid bainistiú ar dhá reilig áitiúla don chomhairle contae. Tá thart ar 3,000 duine ina gcónaí sa gceantar feidhme seo.
Tá réimse leathan seirbhísí á sholáthar ag an gComharchumann don Phobail agus tá roinnt de na tionscnaimh pobail lonnaithe ar Eastát na Ceathrún Rua. Is iad sin:
(1) an Crompán (Ionad ilfheidhmeach)
(2) Ionad Tumadóireacht
(3) Cumann na bhfear.

Gaillimh Comharchumann