Comharchumann Forbartha Gaoth Dobhair

Srath na Corcra,
Na Doirí Beaga,
Leitir Ceanainn,
Tír Chonaill
Co. Dhún na nGall
F92 EYT3

D’fhás Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair as cúrsa i bhforbairt phobail a reáchtáladh faoi scáth Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i nGaoth Dobhair i 1984/85. Bunaíodh Coiste Forbartha Ghaoth Dobhair i dtosach agus b’as an choiste sin a d’fhás an Comharchumann. Ceannaíodh an tsean Cheardscoil i 1989 ó Choiste Ghairmoideachas Chontae Dhún na nGall le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta. Rinneadh athchóiriú le cuidiú ó Roinn na Gaeltachta agus clár Intereg. Tháinig an Comharchumann isteach san Ionad i 1992. Tá forbairt déanta ar an ionad ó shin mar Ionad Gaeilge, Oideachais agus Fiontair. Cuireadh síneadh breise de 700 mheadar chearnógach leis an fhoirgneamh i 2003-2004, le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta agus an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn. Tá an Comharchumann ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód i mbliana 2018.

Aidhmeanna an Chomharchumainn
• Gné na teanga den fhorbairt phobail a chur chun cinn.
• Scéim chuimistheach Pleanáil Teanga a chur i bhfeidhm sa cheantar.
• Freastal ar óige an phobail trí cur lena n-oiliúint agus féinmhuinín, ina dteanga, ina gcultúr ceoil agus drámaíochta.
• Caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge agus oidhreacht phobal Ghaoth Dobhair.
• Íomha dearfach a chruthú don cheantar Gaeltachta seo i measc an phobail féin agus in intinn dhaoine taobh amuigh den cheantar.
• Fostaíocht agus seirbhísí teanga lárnaithe a chur chun cinn.
• Seirbhísí riachtanacha don phobal a sholáthar mar is achmhainn don Chomharchumann.

Ta clár oibre leathan forbartha pobail a chur I bhfeidhm ag an Chomharchumann – ina measc:
• Scoil Cheoil na Crannóige,
• Béiltí ar Rothaí
• Féilte Cultúrtha/Turasóireachta (Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair, Loinneog Lúnasa, Éigse Uladh)
• Comórtas na mbailte slachtmhara
• Grúpaí seanóirí
• Ranganna srl

Dún na nGall Comharchumann Ionaid Seirbhísí Teanga