MERSE

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le páirtnéirí eile Eorpacha, páirteach i dtionscadal MERSE (Business Models Empowering Rural Social Entrepreneurship – voicing the rural norm), clár atá dírithe ar thacú le cur chun cinn na fiontraíochta sóisialta agus chun tacú le daoine gnóthaí san earnáil shóisialta a bhunú faoin dtuath.

Tá MERSE cómhaoinithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tríd an gClár Forimeall Thuaidh agus Artach 2021-2027. Ritheann an togra ó Mhí Dheireadh Fómhair 2022 go dtí Mí Meán Fómhair 2025 agus tá buiséad de €1.7 milliún aige.

Is iad Mittuniversitetet  sa tSualainn https://www.miun.se/en/n atá ina ceannaire ar an togra agus páirteach sa togra tá páirtnéirí ó Éirinn, ón Iorua, ón bhFionlainn agus ón Íoslainn. In Éirinn tá Údarás na Gaeltachta, Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta agus Comhar na nOileán páirteach sa togra.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin dtogra anseo:

https://www.miun.se/en/Research/research-projects/ongoing-research-projects/business-models-empowering-rural-social-entrepreneurship—voicing-the-rural-norm/