LEAP

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le páirtnéirí eile in Éirinn, páirteach i dtionscadal LEAP (Local Energy Agencies for Peripheral Regions) clár forbartha chun tacú leis an aistriú go fuinneamh glas.

Tá an clár seo á mhaoiniú faoi chlár LIFE Clean Energy Transition Call de chuid an Aontais Eorpaigh.

 

Ritheann an togra ó Mhí na Samhna 2022 go dtí Mí Dheireadh Fómhair 2025 agus tá buiséad de €1.96 milliún aige.

Is iad Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh https://www.itsligo.ie/ atá ina phríomhpháirtí ar an togra agus páirteach sa togra tá Comhairlí Contae Dhún na nGall, Shligigh agus Liatroma. Is iad Comharchumann Fuinnimh Árann Teoranta a bheidh i mbun reáchtáil oifige fuinnimh sa Ghaeltacht agus iad ag freastal ar cheantar Chonamara agus Árann le linn an togra.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin dtogra ó Éamonn Ó hÉanaigh, Bainisteoir Togra LEAP, Údarás na Gaeltachta ag e.oheanaigh@udaras.ie