Data2Sustain

I gcomhar le Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus páirtithe eile Éireannacha, tá Údarás na Gaeltachta páirteach sa togra European Digital Innovation Hub for Data-based Innovation for Circular Economy, Operations & Sustainability (Data2Sustain).

Clár forbartha é seo chun tacú le gnóthaí agus le heagraíochtaí ina gclaochlú digiteach agus chun eolas faoi na forbairtí is nua i dtaobh slándáil Cibear, Intleacht Shaorga (AI) agus Ríomhaireacht ArdFheidhmíochta (HPC) a scaipeadh sa Ghaeltacht.  Tógfaidh an clár seo ar inniúlachtaí digiteach an AE agus cuirfidh sé le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha in Éirinn.

Beidh an clár ag obair le heagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta agus ag tacú le comhlachtaí (FBManna go príomha) agus an córas poiblí chun bheith níos iomaíche ina gcuid próiseas gnó/táirgíochta agus a gcuid táirgí nó seirbhísí trí rochtain a chur ar fáil go infrastruchtúr taighde, saineolas teicniúil agus tástálacha, chun gur féidir le comhlachtaí ‘tástáil roimh infheistiú’.

Cuirfidh an clár forbartha Data2Sustain saineolas taighde agus seirbhísí nuálaíochta ar fáil chomh maith le comhairle airgeadais agus clár oiliúna agus forbairt scileanna atá riachtanach chun claochlú digiteach a chur i gcrích.

Tá an clár seo á mhaoiniú ag Fiontraíocht Éireann faoin gclár Eorpach “European Digital Innovation Hub Programme” de chuid an Aontais Eorpaigh.

 

Ritheann an togra ó Mhí Feabhra 2023 go dtí Mí Eanair 2026 agus tá buiséad de €5.38 milliún aige.

Is iad Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh https://www.itsligo.ie/ atá ina phríomhpháirtí ar an togra agus páirteach sa togra tá Údarás na Gaeltachta, Coimisiún Forbartha an Iarthair, WestBIC, NWRA, Oifig Fiontair Chomhairle Contae Mhaigh Eo, ERNACT, agus Coláiste na hOllscoile, Gaillimh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin dtogra ag https://data2sustain.eu/ nó ó Sheán Ó Coisdealbha, Bainisteoir Togra Data2Sustain, Údarás na Gaeltachta ag socoisdealbha@udaras.ie