CODIL

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le páirtnéirí eile Eorpacha, páirteach i dtionscadal CODIL (COVID-Disrupted Regional Innovation Ecosystems), clár taighde chun polasaithe nuálaíochta nua agus tacaíochtaí cuí oiliúna agus oideachais agus dreasachtaí ábharacha a chur ar fáil chun infheistíocht dhigiteach a mhealladh chun na Gaeltachta.

Tá an clár seo á mhaoiniú faoi chlár INTERREG Europe de chuid an Aontais Eorpaigh.

Ritheann an togra ó Mhí Márta 2023 go dtí Mí Feabhra 2026 agus tá buiséad de €1.7 milliún aige.

Is iad University of Ljubljana, sa tSolvéin https://www.uni-lj.si/university/ atá ina ceannaire ar an togra agus páirteach sa togra tá páirtnéirí ó Éirinn, ón bhFionlainn Romáin, ón Spáinn agus ón bhFrainc.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin dtogra anseo: https://ltfe.org/en/codil-project-kick-off-meeting/

nó is féidir teagmháil le Mícheál Ó Duibhir, Bainisteoir Togra CODIL, Údarás na Gaeltachta ag m.oduibhir@udaras.ie