Teach an Mháinéara – An Spidéal

Eastát Bhaile an tSagairt,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe

Map

Tá an oifig plean oscailte seo lonnaithe ar Eastát Bhaile an tSagairt. Ná bíodh cúrsaí tráchta ná táillí páirceála ag déanamh imní duit. Cuir fút sa gceantar álainn cois farraige seo agus bíodh slí mhaireachtála níos fearr agat. Tá neart áiseanna ar fáil sa gceantar seo. Banc, siopaí éagsúla, gruaigaire, bearbóir, tithe tábhairne, caiféanna, meánscoil agus bunscoil.

 

Cur Síos Gairid ar an bhfoirgneamh

Oifig

Spás de 102m2

Neart Spás Páirceála

Rochtain 24/7

Suíomh

Tá an oifig seo suite ar Eastát Bhaile an tSagairt nach bhfuil ach 16km as Cathair na Gaillimhe.

Tá Aerfort na Sionainne, a chuireann eitiltí trasatlantacha ar fáil, i bhfoisceacht 110km. Níl Aerfort na Sionainne i bhfad ón mótarbhealach M18 atá idir Gaillimh agus Luimneach.

Tá Aerfort Iarthar Éireann, Cnoc Mhuire i bhfoisceacht 105km agus cuirtear eitiltí ar fáil go dtí an Bhreatain agus an Eoraip.

Tá na hinstitiúidí tríú leibhéal seo a leanas ag freastal ar an gceantar: Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

 

Cur Síos Mion

Urlár amháin atá sa spás oifige seo, tá seomra cruinnithe, leithris agus ceaintín comhroinnte ann. An soláthar reatha leictreachas ná 15kVA agus soilse ionsúite. Is ola atá sa gcóras teasa. Fuinneoige agus doirse gloinithe PVC. Tá rataí tráchtála & uisce iníoctha le Comhairle Contae na Gaillimhe agus Uisce Éireann.

Rinneadh athchóiriú ar an spás oifige seo le gairid.

 

Tacaíochtaí Airgeadais do Ghnóthaí

Tá Údarás na Gaeltachta in ann réimse dreasachtaí agus tacaíochtaí a thairiscint do ghnóthaí incháilithe agus do chomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla chun dul i mbun gnó nó chun lonnú agus forbairt a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta. Tá gnóthaí bunaithe ag na céadta comhlachtaí sa nGaeltacht lenár gcúnamh.

Tá cúnamh ar fáil ag clúdach réimse earnálacha incháilithe ó mhicreaghnóthaí go comhlachtaí móra i réimsí cosúil le:

  • Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (ICT)
  • Déantúsaíocht Chomhaimseartha agus Nideoige
  • Seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta
  • Feistí Leighis agus Cógaisíochta
  • Ábhar Closamhairc agus Digiteach
  • Fiontraíocht Ghaeilge bunaithe
  • Próiseáil Bia
  • Feirmeoireacht agus Próiseáil Éisc
  • Turasóireacht Chultúrtha
  • Ealaín agus Ceardaíocht
  • Fiontair Phobalbhunaithe
  • Acmhainní Nádúrtha

Más ag machnamh ar do ghnó a leathnú go dtí réimse nua, teacht ar mhargaí nua, táirge nua a fhorbairt nó do ghnó a éagsúlú i dtreo nua atá tú, seans go bhféadfaidh Údarás na Gaeltachta cabhrú leat.

Tacaíochtaí Maoine

Tá punann maoine ilghnéitheach ag Údarás na Gaeltachta ar fud na Gaeltachta. San áireamh anseo tá:

  • Suíomhanna Tionsclaíochta
  • Páirceanna Gnó
  • Ionaid Fiontraíochta
  • Spásanna Oifige
  • Aonaid Gnó do Ghnóthaí Nuabhunaithe
  • Suíomhanna Forbartha
  • Ionaid Cheardaíochta

Tá foirgnimh ar fáil ag rátaí cíosa iomaíocha agus tá leas le baint ag gnóthaí as socruithe léasa solúbtha. Is féidir athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh le riachtanais ghnó a shásamh agus iad a ligean ar léas mar chuid de chlár tacaíochta fiontraíochta.