Aonad 2B, Béal Átha an Ghaorthaidh

Béal Átha an Ghaorthaidh,
Co. Corcaigh

Map

Sonraí

Aonad oifige nua-aimseartha ar phlean oscailte le hachar iomlán 279m2, suite ar an gcéad urlár, roinnte i sé sheomra de mhéideanna éagsúla, lonnaithe i mbaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh (comhordanáidí 51.847611,-9.23605). Tá ráta cíosa an-réasúnach ar an aonad seo, rochtain 24 uair an chloig, neart spás páirceála agus tá freastal á dhéanamh air ag cáblú agus caibinéad cumarsáide aer oiriúnaithe Catagóir 5e.

Suíomh

Tá aerphort idirnáisiúnta Chorcaí thart ar 56km (35 míle) ón aonad, áit a mbíonn eitilt rialta go Baile Átha Cliath, an Bhreatain agus an Eoraip. Tá aerphort idirnáisiúnta Chiarraí 44 km (28 míle) ó Bhéal Átha an Ghaorthaigh agus bíonn eitilt rialta as go Baile Átha Cliath agus Londain. Tá Béal Átha an Ghaorthaidh suite taobh thiar de chathair Chorcaí, gar do theorann Chiarraí agus Chorcaigh. Tá daonra de thimpeall 480,909 duine i gCorcaigh (cathair agus contae).

Achar iomlán (m2)

279

Úsáidí Oiriúnacha

Tá an t-aonad thar a bheith feiliúnach d’fhiontair oifigbhunaithe nó is furasta é a chur in oiriúint chun freastal ar na riachtanais ar leith a bheadh ag an tionscadal.