Scéim Scoláireachtaí Printíseachta mhéadaithe de luach os cionn €200,000 fógartha ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le pobail Ghaeltachta

26 Meitheamh, 2020

nóiméad léite

Tá Scéim Scoláireachtaí Printíseachta mhéadaithe fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu (26/06/2020) chun tacú le pobal na Gaeltachta atá faoi bhrú ag géarchéim COVID-19. Tá 50 scoláireachtaí printíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann ar fáil chun tacú le daoine gur mian leo ceird a fhoghlaim nó tabhairt faoi shlí beatha nua.

In ainneoin na neamhchinnteachta atá cothaithe ag géarchéim an choróinvíris tá deis á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta do dhaoine scil/ceird nua a fhoghlaim nó athoiliúint a fháil agus cáilíocht phrintíseachta atá aitheanta ag an gComhairle Phrintíseachta a bhaint amach.  Aithnítear na cáilíochtaí seo ag Leibhéal 6 agus os a chionn, go caighdeán céime de réir an chreat náisiúnta foghlama, DCCÉ (Dearbhú Cáilíochta & Cáilíochtaí Éireann / QQI).

Tá réimse forleathan de 55 printíseacht difriúil faoi 12 earnáil éagsúil, atá aitheanta ag SOLAS, gur féidir le pobal na Gaeltachta tabhairt fúthu mar chuid den Scéim Scoláireachta atá á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta.

"Tugann an scéim seo agus na cáilíochtaí a bhaineann daoine amach muinín do phobal na Gaeltachta tabhairt faoin oideachas chun a gcuid scileanna a neartú agus a fhorbairt"

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh

Is iad na hearnálacha ina bhfuil Scoláireachtaí Printíseachta ar fáil ná:

·       Bithchógais; ·       Fáilteachas agus Bia;
·       Tógáil; ·       Teicneolaíochtaí Faisnéise;
·       Leictreach; ·       Lóistíocht;
·       Innealtóireacht; ·       Mótar;
·       Airgeadas; ·       Seirbhísí Réadmhaoine;
·       Gruaig; ·       Díolachán.

 

Cé go bhfuil an-tóir i gcónaí ar na ceirdeanna traidisiúnta mar phluiméireacht, siúinéireacht, meicníocht agus leictreoir, le roinnt blianta anuas tá borradh mór tagtha ar phrintíseachtaí nua-aoiseacha agus níos mó daoine ag tabhairt faoi phrintíseachtaí Bithchógais, Innealtóireachta, Seirbhísí Airgeadais, Cuntasaíochta, Ríomhaireachta agus go leor eile mar iad.

Tá Scéim Scoláireachta Printíseachta á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta (agus Gaeltarra Éireann roimhe) ó na 1970idí chun tacú le hiarrthóirí Gaeltachta le líofacht i nGaeilge cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na Scéimeanna Printíseachta Caighdeánbhunaithe atá aitheanta anois ag SOLAS. Faoi scoláireacht an Údaráis, tugtar cabhair airgid don phrintíseach agus don chomhlacht/chonraitheoir lena bhfuil sé/sí fostaithe ag céimeanna éagsúla le linn na printíseachta. Tá tacaíocht d’os cionn €2,000 ar fáil do chomhlacht/chonraitheoir atá toilteanach printíseach a fhostú i rith na tréimhse printíseachta. An-bhuntáiste atá sa scéim do chomhlachtaí agus tá stair fhada ag cliantchomhlachtaí an Údaráis a bheith ag tacú le printísigh atá ag foghlaim a gceird.

Ag fógairt na Scéime Scoláireachta dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh “Léiríonn stair fhada na scéime san eagraíocht go raibh, go bhfuil agus go mbeidh tóir agus rath uirthi. Tá comhlachtaí den scoth ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta a bhunaigh daoine áitiúla tar éis dóibh printíseachtaí a dhéanamh le tacaíocht Údarás na Gaeltachta. Tugann an scéim seo agus na cáilíochtaí a bhaineann daoine amach muinín do phobal na Gaeltachta tabhairt faoin oideachas chun a gcuid scileanna a neartú agus a fhorbairt.  Is iomaí earnáil a bhfuil printíseacht nó ceird le foghlaim astu, idir cúrsaí meicniúla, tógála, airgeadais agus Teicneolaíocht na Faisnéise agus deis ann ansin an oiliúint sin a leathadh ar phobal na Gaeltachta ag tréimhse ina bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh scil nó ceird nua a fhoghlaim.”

Beidh an ghlaoch reatha ar iarratais do Scéim Scoláireachtaí Printíseachta Údarás na Gaeltachta 2020 oscailte go dtí an 17/07/2020.  Is féidir le lucht spéise tuilleadh eolais maidir le critéir cáilithe na Scéime Scoláireachta seo agus foirm iarratais a fháil ag ar an suíomh seo.