Lá Gaelach ag Rás Aigéin Volvo

26 Meitheamh, 2012

nóiméad léite

Tá Lá Gaelach á eagrú ag Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta Teo i gcomhar le Conradh na Gaeilge, An Taibhdhearc, Músaem na Gaillimhe agus Gaillimh le Gaeilge, ar 5 Iúil, le linn Rás Aigéin Volvo i nGaillimh.

Díreoidh an Lá Gaelach ar theanga, chultúr, ealaín agus oidhreacht na Gaeltachta agus na Gaeilge agus beidh deis ag cuairteoirí, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, blaiseadh a fháil trí réimse leathan d’imeachtaí. Tá clár leathan d’imeachtaí, atá maoinithe ag Údarás na Gaeltachta, eagraithe sa Global Village a bheidh oiriúnach do theaghlaigh, idir óg agus aosta. Beidh atmaisféar Gaelach ar fud chathair na Gaillimhe le taispeántais cheoil agus damhsa i gcaitheamh an lae.

Cuirfear tús le himeachtaí sa Phuball Siamsaíochta, Global Village ar a 12:00 meán lae ar an Déardaoin, 5 Iúil, áit a mbeidh scéalaíocht leabhair le húdair ‘Futa Fata’, Ailbhe Nic Giolla Bhrighde, Patricia Forde agus Bridget Bhreathnach. Tabharfaidh Máirín Mhic Lochlainn nó Scéalaí ‘Thóin a’ Chnoic’, mar a thugann sí uirthi féin, taispeántas ar a ceird agus beidh léiriúchán draíochtach ón gcompántas drámaíochta ‘Branar’ ag 1:15i.n.

Beidh seó damhsa sean-nóis agus seoladh taispeántais ‘Uisce agus Beatha’ ag tosú ag 1i.n.
i gclós Mhúsaem Chathrach na Gaillimhe le damhsóirí as Conamara.

Beidh cumadóirí agus fonnadóirí as Cois Fharraige ar stáitse sa Phuball Siamsaíochta, Global Village -Tadhg Mac Dhonnagáin, Áine Ní Dhroighneáin, fidléir Toner Quinn agus Feargal Ó Béarra le tionlacan ó Ruairí Mac Con Iomaire mar aon leis an bhfonnadóir óg Gráinne Ní Bheoláin ón ngrúpa ‘Scread’. Ag leanúint leis an gceol, beidh an feadánaí Nóirín Uí Shúilleabháin ag seinm lena deartháireacha Seán agus Frankie Gavin, le Seamie Ó Dowd ar an ngiotár, Ritchie Lyons ar an mbodhrán le cur i láthair ó Cheoltóirí Óga Charna, ceoltóirí óga cumasacha ó cheantar a bhfuil clú agus cáil air ó thaobh saibhreas cultúrtha de. Beidh an grúpa ‘Crann Óg’ as Gaoth Dobhair ar an Stáitse Lasmuigh, Global Village, agus saibhreas amhránaíochta agus ceoil Thír Chonaill le cloisteáil uathusan.
Níos deireanaí ar Stáitse an Bheáir, Global Village, beidh Conradh na Gaeilge ag reáchtáil ceardlann 15 nóiméad a thabharfaidh léargas ar stair na Gaeilge agus ar an gcaoi ar mhair an Ghaeilge beo agus ar an éabhlóid atá tagtha uirthi thar na mblianta. Beidh deis cúpla focal a fhoghlaim agus iad a chleachtadh chomh maith. Tar éis na ceardlainne beidh taispeántas damhsa ar an sean-nós.

Léireoidh an Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, seó speisialta darb ainm ‘Seoda an Aigéin’ sa Phuball Siamsaíochta, Global Village at a 5i.n. Beidh drámaíocht agus litríocht á chur i láthair ag Peadar Ó Treasaigh agus Séamus Ó hAodha, amhránaíocht le Seosamh Ó Flaithearta agus Delia Boyce le tionlacan ó Tom Cullivan agus beidh léamh sleachta as an leabhar ‘Béal Faoi’, le hEnda Ó Coineen, Cathaoirleach, Let’s Do It Global.

Tabharfaidh Críostóir Mac Cárthaigh, Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, caint sa Phuball Siamsaíochta, Global Village ag a 6i.n. bunaithe ar a leabhar Traditional Boats of Ireland, History, Folklore and Construction. Seolfar an leabhar Scéalta Eachtraíochta ó Bhádóirí / Abenteurliche Erzählungen von Fischern, leabhar dhátheangach, Gaeilge agus Gearmáinis, ina bhfuil bailiúchán de scéalta ón gcéad seo caite i gCarna, Co. na Gaillimhe.

Beidh ‘Crosbhóthar’, taispeántas teilgthe le saothar físe agus téacs ó ealaíontóirí Gaeltachta coimeádaithe ag an ealaíontóir Andrew Duggan le feiceáil sa ‘Global Village’.

Chun críoch a chur le himeachtaí an lae, beidh ceolchoirm ollmhór ar phríomh-stáitse Volvo, Race Village, le hAltan, an grúpa ceoil idirnáisiúnta ó Ghaeltacht Dhún na nGall, agus aíonna speisialta ón nGaeltacht ina gcuideachta. Beidh an ceolchoirm a thosóidh ar 8.45in. saor in aisce don phobal.

Mar aon leis na himeachtaí uile thuasluaite, beidh taispeántas grianghrafadóireacht ag ceiliúradh capaillíní Chonamara ar siúl in Ionad Ealaíne na Gaillimhe, 47 Sráid Dominic, ón Luan 2, Iúil go dtí an Luan, 9 Iúil ón 10 r.n. go dtí 5.30 i.n.