Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán

Cruinnithe eolais le reáchtáil le grúpaí áitiúla, sula ndéantar iarratas ar chead pleanála d’Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán

7 Samhain, 2023

nóiméad léite

Beidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh teagmhála le grúpaí pobail agus leis an bpobal i gcoitinn le linn na seachtaine seo, chun iad a chur ar an eolas faoi na pleananna d’fhorbairt Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán, Conamara.

 

I mí Feabhra na bliana seo, cheadaigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €314,280 le go bhféadfadh an tÚdarás dearadh a dhéanamh ar an Ionad agus iarratas pleanála a ullmhú.  Tá dréacht-dhearadh den ionad nua réitithe anois agus tá sé i gceist ag an tráth seo an dearadh sin a roinnt leis an dream a bheas ag úsáid an ionaid agus an pobal trí chéile.  Mairfidh an comhairliúchán ar feadh roinnt seachtainí agus táthar ag súil go mbeifear faoi réir le hiarratas pleanála a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil faoi dheireadh na bliana seo nó go luath san athbhliain.

 

Beidh an t-ionad ilfheidhmeach seo á bhainistiú ag Údarás na Gaeltachta agus á úsáid ar mhaithe le cúrsaí oideachais agus oiliúna a chur ar fáil i réimse leathan earnálacha. San áireamh anseo beidh oiliúint a bhaineann leis an réimse teanga, closamharc, oideachas agus an teicneolaíocht. Sa bhreis ar sin beidh béim faoi leith ar chúrsaí óige agus freastal á dhéanamh ar ghlúin óg dheisceart Chonamara. Tuigeann an tÚdarás a thábhachtaí is atá sé freastal ar an spriocghrúpa seo chun tionchar dearfach a imirt a thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tacóidh na háiseanna a fhorbrófar san ionad eiseamláireach seo go mór leis an sprioc sin a bhaint amach trí áiseanna foghlamtha, ceol, spóirt, damhsa agus spásanna sóisialta ar ard-chaighdeán a chruthú.

 

Is mar choláiste Gaeilge a bheidh t-ionad á úsáid le linn tréimhse an tsamhraidh. Tá an tÚdarás tar éis teacht ar shocrú le Coláiste Lurgan a cheadaíonn úsáid maoin dá gcuid ar mhaithe leis an bhforbairt seo.   Cuirfear socruithe léasa i bhfeidhm a fhágann go mbeidh Coláiste Lurgan in ann freastal ar 2,000 duine óg gach Samhraidh.  Tá an tionscal teanga- bhunithe seo thar a bheith tábhachtach do eacnamaíocht an cheantair agus do fhoghlaim na Gaeilge.

 

Is mór ag Údarás na Gaeltachta an comhoibriú atá á fháil aige in sna hiarrachtaí atá ar siúl an togra tábhachtach seo a thabhairt go dtí an chéad chéim forbartha eile.