Glúin Nua 2023

Údarás na Gaeltachta ag déanamh cómhaoiniú ar Glúin Nua 2023 togra cruthaitheach meáin de chuid TG4 do dhaoine óga

11 Deireadh Fómhair, 2023

nóiméad léite

Tá an-áthas as Údarás na Gaeltachta tacú leis an gcoincheap spreagúil Glúin Nua 2023, tionscadal cruthaitheach sna meáin dhigiteacha, ag cruthú ábhair a bheas dírithe ar dhaoine óga, aois 16-24. Tríd an togra seo, tá TG4 ag iarraidh an chéad ghlúin eile de scéalaithe a thabhairt chun cinn, ag cruthú ábhar digiteach den scoth, faoi stiúr agus le comhairle na gcomhlachtaí léiriúcháin teilifíse.

 

Tá tacaíocht €90,000 faighte ag an gciste seo ó chomhpháirtíocht idir TG4, Údarás na Gaeltachta, ILBF agus i gcomhar le Gréasán na Meán.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin

“Tá muid thar a bheith sásta tacú arís le Glúin Nua, scéim a thugann le chéile dhá réimse d’obair Údarás na Gaeltachta atá an-tábhachtach dúinn: ag spreagadh agus ag cumasú daoine óga na Gaeltachta; agus ár dtacaíocht leanúnach don earnáil closamhairc.

 

Is sampla é ár rannpháirtíocht sa togra seo den chomhoibriú leathan atá ag an Údarás le páirtnéirí éagsúla san earnáil chruthaitheach: ár bpáirtnéireacht le TG4, le CREW agus le comhlachtaí léiriúcháin closamhairc Gaeltachta.

 

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta le gach deis oiliúna a thabhairt do phobal na Gaeltachta, go mbeidh ar a gcumas páirt lárnach a ghlacadh i gceann de na tionscail is tábhachtaigh don Ghaeltacht.”

 

Tá breis eolais faoi Glúin Nua 2023 le fáil anseo: https://www.tg4.ie/en/commissioning/commissioning/gluin-nua-2023/